Tá sé mar aidhm ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Éire a shuíomh mar an áit tosaigh don rath i ngnó ar fud na tíre, le fiontair rathúla, iomaíocha, níos mó post ar ardchaighdeán, trádáil atá ag fás, ionaid oibre córa, agus táirgiúlacht fheabhsaithe. Táimid freagrach go príomha as beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm atá dírithe ar tháirgiúlacht fhadtéarmach an gheilleagair a fheabhsú, timpeallacht a chothú a thacaíonn le cruthú agus le coinneáil post, le trádáil dhomhanda, agus le hinfheistíocht isteach, agus sainchúram chun iomaíocht chóir sa mhargadh a chur chun cinn, tomhaltóirí a chosaint, agus oibrithe a chosaint.
- Tacaíocht fiontraíochta
- Cruthú fostaíochta
- Nuálaíocht