Gníomhaireacht rialtais is ea Fiontraíocht Éireann atá freagrach as forbairt agus fás gnólachtaí Éireannacha. Tugaimid tacaíocht do raon leathan cuideachtaí, ó ghnólachtaí nuathionscanta go dtí fiontair bheaga agus mheánmhéide sheanbhunaithe agus fiú cuideachtaí ilnáisiúnta, agus a ngnó á mhéadú acu, cumais nua á bhforbairt acu, agus uaillmhian dhomhanda á baint amach acu. Anseo ag an Mol Náisiúnta Fiontair, bainimid úsáid as ár saineolas chun seirbhís níos éifeachtaí a cheapadh agus a chur ar fáil, seirbhís a chruthaíonn nasc leis na tacaíochtaí rialtais is ábhartha chun cur le rathúlacht do ghnólachta. Tá lúcháir orainn an tseirbhís seo a sholáthar thar ceann na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.