Is bunchloch dár mbailte agus dár bpobail iad gnólachtaí miondíola na hÉireann; cruthaíonn siad poist ríthábhachtacha agus nascann siad daoine ar bhonn laethúil. Ach tá brúnna nua roimh mhiondíoltóirí cosúil leatsa féin, amhail costais atá ag ardú as cuimse, ionchais na gcustaiméirí atá ag ardú agus iomaíocht ar líne. Tá sé níos casta agus níos dúshlánaí anois trádáil a dhéanamh mar gheall ar na rudaí sin.
Ní gá duit é a dhéanamh i d’aonar, sin é an dea-scéal. Cuireann an Mol Náisiúnta Fiontair raon tacaíochtaí ar fáil, lena n-áirítear cláir oiliúna agus maoiniú, chun cabhrú leat dul in oiriúint do na dúshláin agus na deiseanna nua sa mhiondíol. Téigh i dteagmháil linn inniu agus faigh an cúnamh atá uait chun bonn láidir a bhunú le haghaidh rathúlachta i do ghnólacht amach anseo.