Léiríonn an earnáil aitheanta seo oidhreacht shaibhir chultúrtha na hÉireann; ag an am céanna cothaítear cruthaitheacht agus fiontraíocht léi. Mar dhearthóirí agus mar cheardaithe, is ambasadóirí domhanda d’Éirinn sibh, ach tá a fhios againn go bhfuil dúshláin mhóra romhaibh freisin; cosúil le déileáil le tionchar na paindéime, agus an gá atá ag méadú le bheith níos éifeachtúla, níos digití agus níos inbhuanaithe.
Déan teagmháil lenár Mol inniu chun ceangal a dhéanamh leis an tacaíocht atá uait chun do ghnólacht Ealaíon, Ceardaíochta agus Dearaidh a fhás agus a fhorbairt.