Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Inrochtaineacht

    Ráiteas Inrochtaineachta

     

    Tá an Mol Náisiúnta Fiontair tiomanta dá shuíomhanna gréasáin a dhéanamh inrochtana de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Shuíomhanna Gréasáin agus Fheidhmchláir Mhóibíleacha Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) 2020.

    Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar a fhoilsítear ar https://www.neh.gov.ie/ agus le haon fhofhearainn a bhaineann leis.

     

     

    Stádas Comhlíontachta

    Tá an suíomh nó na suíomhanna gréasáin seo comhlíontach go páirteach le Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 leibhéal AA, mar gheall ar an neamh-chomhlíonadh agus/nó na díolúintí atá liostaithe thíos.

     

     

    Ábhar neamh-inrochtana

    Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le hinrochtaineacht, cuir teachtaireacht chugainn ar an leathanach seo: Déan Teagmháil Linn. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil aon ábhar atá á lorg agat curtha ar fáil agus inrochtana.

    Táimid ag obair go leanúnach chun feabhas a chur ar chomhlíonadh na hinrochtaineachta dár suíomhanna gréasáin agus cinnteoimid go gcuirfear gach caighdeán inrochtaineachta i bhfeidhm ar ábhar a fhoilseofar ar ár suíomhanna gréasáin amach anseo. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta comhlíonadh iomlán inrochtaineachta a chinntiú ar ár suíomhanna gréasáin. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar thoradh ar an nádúr dinimiciúil a bhaineann leis an ábhar a fhoilsítear ar ár suíomhanna gréasáin.

     

    Níl an t-ábhar atá liostaithe thíos inrochtana faoi láthair. Táimid ag obair ar an ábhar sin, áfach, chun a chinntiú go gcomhlíonann sé treoirlínte inrochtaineachta.

     

    • Íomhánna: D’fhéadfadh nach bhfuil téacs malartach ag gach íomhá. D’fhéadfadh téacs malartach a bheith ag roinnt íomhánna nach bhfuil cur síos leordhóthanach ná ceart déanta ann nó d’fhéadfadh an cur síos a bheith in easnamh. D’fhéadfadh sé sin bac a chur ar úsáid na teicneolaíochta cúnta chun an t-ábhar a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin a thuiscint.
    • PDFanna: Táimid ag obair lena chinntiú go bhfuil ár ndoiciméid PDF inrochtana. D’fhéadfadh go mbeadh rannóga neamhiomlána airíonna doiciméad, téacs malartach in easnamh, gnéithe nach bhfuil clib curtha orthu, agus gnéithe nach bhfuil neadaithe ag roinnt PDFanna.
    • Excel: Táimid ag obair lena chinntiú go bhfuil ár mbileoga Excel inrochtana. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na fadhbanna, ach gan bheith teoranta dóibh, cealla cumaiscthe, codarsnacht dathanna atá deacair le léamh, agus téacs malartach atá in easnamh.
    • Word: Táimid ag obair lena chinntiú go bhfuil ár ndoiciméid Word inrochtana. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na fadhbanna, ach gan bheith teoranta dóibh, úsáid clómhéideanna beaga, codarsnacht dathanna atá deacair le léamh, íomhánna nach bhfuil inlíne, táblaí nach bhfuil ceanntásca acu, agus téacs malartach atá in easnamh le haghaidh ábhar éigin ar an doiciméad.
    • Físeáin: Táimid ag obair lena chinntiú go bhfuil físeáin inrochtana. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na fadhbanna, ach gan bheith teoranta dóibh, foscríbhinní/fotheidil atá mícheart nó in easnamh ar fhíseáin, tras-scríbhinní in easnamh, agus easpa nó neamhfháil tuairisce le haghaidh faisnéis amhairc ar an bhfíseán.
    • Lipéid: Lipéid foirmeacha in easnaimh ar an suíomh gréasáin, rud a d’fhéadfadh cosc a chur ar úsáid léitheoirí scáileáin ar an suíomh gréasáin.
    • Ceannteidil: Is féidir nach sainaithnítear ceannteidil agus an mharcáil chuí in úsáid.
    • Codarsnacht dathanna: D’fhéadfadh go mbeadh sé deacair roinnt ábhair ar ár suíomh gréasáin a léamh nó a thuiscint mar gheall ar chodarsnacht íseal dathanna. Táimid ag obair chun feabhas a chur ar an gcóimheas codarsnachta dathanna.
    • Naisc agus cnaipí atá folamh: D’fhéadfadh go mbeadh naisc agus cnaipí folmha ar an suíomh gréasáin a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar úsáideoirí léitheoirí scáileáin.

     

    Ní liosta uileghabhálach é seo d’ábhar neamh-inrochtana ar ár suíomh gréasáin. Táimid tiomanta d’eispéireas gach duine a fheabhsú go leanúnach trí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus trí chaighdeáin ábhartha a chur i bhfeidhm ar ár suíomh gréasáin.

     

     

    Ábhar díolmhaithe

    Tá an t-ábhar a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe faoi Threoir an AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin. Tá an Mol Náisiúnta Fiontair tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do gach duine trínár suíomhanna gréasáin a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir. Déan teagmháil leis an Mol Náisiúnta Fiontair más mian leat ábhar nach bhfuil rochtain air, a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018, a fháil i bhformáid inrochtana. Déanfaimid gach iarracht cabhrú leat.

     

     

    Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

    Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 14 Feabhra 2022.

     

    Mar ullmhúchán don ráiteas, rinneadh meastóireacht ar chomhlíonadh an tsuímh ghréasáin le ceanglais Threoir (AE), 2016/2101 trí fhéinmheasúnú a rinne an Mol Náisiúnta Fiontair i gcoinne na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1.

     

    Rinneadh an measúnú le cúnamh ó shaineolaí neamhspleách inrochtaineachta.

     

    I measc na n-uirlisí a úsáideadh chun inrochtaineacht a mheasúnú bhí breiseán brabhsálaí WAVE, Seiceálaí Codarsnachta WebAIM, léitheoir scáileáin NVDA agus uirlisí forbróra Chrome.

     

    Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas go deireanach ar an 14 Feabhra 2022.

     

     

    Aiseolas agus faisnéis teagmhála

    Tá an Mol Náisiúnta Fiontair tiomanta d’ábhar inrochtana a sholáthar d’úsáideoirí uile ár tsuímh ghréasáin. Ba mhaith linn go mbeadh fáilte roimh gach duine a thugann cuairt ar ár suíomh gréasáin agus go mbainfidís tairbhe as an eispéireas. Déan teagmháil le gdpronline@enterprise-ireland.com.

     

    Más mian leat ábhar a fháil i bhformáid inrochtana, luaigh na sonraí seo a leanas i do ríomhphost:

     

    • An fhormáid atá uait
    • An t-ábhar is mian leat a fháil (cuir URL an ábhair san áireamh)
    • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist

     

    Déanfaimid gach iarracht réasúnta chun d’iarratas a chomhlíonadh.

     

     

    Gearáin

    Cuirimid fáilte roimh do chuid aiseolais maidir le hinrochtaineacht. Má tá aon tuairimí agat nó má tá aon fhadhb ann nach gcomhlíonann do riachtanais maidir le hinrochtaineacht, Déan Teagmháil Linn

     

     

    Nós imeachta um fhorghníomhú

    Má tá aon ghearán agat maidir lenár bhfreagra ar cheist inrochtaineachta, déan teagmháil le:

     

    Oifig an Ombudsman

    6 Ardán Phort an Iarla,

    Baile Átha Cliath 2,

    D02 W773.

    Uimhir Ghutháin: 01 639 5600

    Seoladh Ríomhphoist: complaints@ombudsman.ie

     

    Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Oifig an Ombudsman.

     

Níl anseo ach roinnt de na hearnálacha a gcabhraímid leo

Féach na tacaíochtaí ar fad
Laoch Baile [Picture]_data
Ealaíona, Ceardaíocht agus Dearadh
Tacaíocht a thabhairt do na hearnálacha ealaíon, ceardaíochta agus dearaidh chun dul i mbun nuálaíochta agus fás go hidirnáisiúnta.
Laoch Baile [Picture]_data
Bia agus Deoch
Tacú le forbairt inbhuanaithe táirgeoirí bia nuálacha a bhfuil cáil dhomhanda orthu
Laoch Baile [Picture]_data
Fáilteachas agus Turasóireacht
Tacú le digitiú, le fás inbhuanaithe agus le líonrú san earnáil fáilteachais agus turasóireachta.
Laoch Baile [Picture]_data
Miondíol
Tacaíocht a thabhairt do mhiondíoltóirí chun bheith níos iomaíche agus athléimní agus chun onnmhairiú go hidirnáisiúnta