- An Pobal
- An Timpeallacht
- Áit an Mhargaidh
- An Áit Oibre
- Gnó nua a bhaint amach agus coinneáil custaiméirí a mhéadú;
- Caidrimh le soláthraithe agus líonraí a fhorbairt agus a fheabhsú;
- Lucht saothair sona a mhealladh, a choinneáil agus a chothú agus a bheith mar rogha fostóra;
- Airgead a shábháil ar fhuinneamh agus ar chostais oibriúcháin agus riosca a bhainistiú;
- Feabhas a chur ar cháil do ghnólachta;
- Deiseanna infheistíochta agus maoinithe a mhealladh.
Freagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC)
I dTreo an Ghnó Fhreagraigh
Is é “I dTreo an Ghnó Fhreagraigh” Plean Náisiúnta na hÉireann ar Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach 2017–2020 a choinníonn an fhís a bunaíodh sa chéad Phlean Náisiúnta ar FSC go “Aithneofar Éire mar Ionad Bairr Feabhais do chleachtas gnó atá freagrach agus inbhuanaithe trí ghlacadh agus cur i bhfeidhm dea-chleachtais in FSC i bhfiontair agus eagraíochtaí.” Is plean gníomhaíochta é I dTreo an Ghnó Fhreagrúil ina bhfuil 17 mbeart atá dírithe ar thacú le gnólachtaí agus eagraíochtaí de gach méid agus gach earnáil cleachtais ghnó fhreagracha a ghlacadh.
Dírítear sa phlean ar Cheithre Phríomhghné de FSC
Spriocanna I dTreo an Ghnó Fhreagraigh
Tá feasacht ar Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach ag méadú i measc gnólachtaí in Éirinn; tá 84% de ghnólachtaí den tuairim go bhfuil FSC measartha tábhachtach nó an-tábhachtach do ghnó. Mar bhall d’Fhóram na nGeallsealbhóirí FSC, tá FÉ ag obair le Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile, le hionadaithe na hearnála gnó agus na sochaí sibhialta, agus leis an bpobal i gcoitinne chun cabhrú leis na Spriocanna Straitéiseacha a aithnítear in I dTreo an Ghnó Fhreagraigh a bhaint amach;
Feasacht: Cabhrú le fostóirí agus le fostaithe tuiscint níos fearr a fháil ar na buntáistí a bhaineann le FSC agus cleachtais ghnó fhreagracha a dhaingniú i ngníomhaíochtaí laethúla gnólachtaí atá ag feidhmiú in Éirinn
Rochtain: Tacú le forbairt cleachtas éifeachtach FSC i ngnó trí acmhainní faisnéise inrochtana agus cuí
Tacaíocht: Tacú le heagraíochtaí trí dhea-chleachtas FSC, nuacht FSC agus imeachtaí FSC a chur chun cinn, agus aird a tharraingt ar na rudaí sin
Ailíniú Beartais: Tosaíochtaí ábhartha beartais a mholadh agus tacú leo thar raon Ranna Rialtais agus a ngníomhaireachtaí, go háirithe iad siúd a chomhlánaíonn FSC, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Cearta Gnó agus Daonna, an Creat um Ionaid Oibre Shláintiúla, etc. a chur i bhfeidhm.
FSC agus FBManna
Is minic a fheictear ar an bhFreagracht Shóisialta Chorparáideach mar rud a dhéanann corparáidí móra amháin, ach tá buntáistí ollmhóra ag baint leis an bhFreagracht Shóisialta Chorparáideach do FBManna agus do mhicrifhiontair, freisin. Tús maith d’éiteas láidir FSC is ea gníomhú ar bhealach a léiríonn leibhéal cúraim don fhoireann, don phobal agus do chustaiméirí. I gcás fhormhór na bhfiontar beag agus meánmhéide, go háirithe na micrifhiontair, is dócha go bhfanfaidh FSC neamhfhoirmiúil agus iomasach, ach d’fhéadfadh acmhainní atá tiomnaithe do FSC agus cláir fhoirmiúla FSC a bheith ag fiontair níos mó. Is féidir le beartais FSC a chuirtear i bhfeidhm go cúramach tairbhí inláimhsithe a sholáthar do FBManna, a chabhraíonn leo:
Is féidir teacht ar a thuilleadh faisnéise ar FSC do FBManna in CSR Hub (Mol FSC), áit ina soláthraítear samplaí de chás-staidéir dea-chleachtais mar aon le comhairle agus tacaíocht do ghnólachtaí ar spéis leo tuilleadh a fhoghlaim faoi Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach.