Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

background pattern shape background pattern shape background pattern shape background pattern shape

Do Thodhchaí a Shlánú

Tá saol an ghnó ag athrú i gcónaí, mar sin ullmhóidh pleanáil chun cinn do ghnólacht chun feidhmiú ar a dhícheall sna blianta amach romhainn. Seo cuid de na tacaíochtaí is coitianta chun cabhrú le do ghnólacht a bheith níos inbhuanaithe, a bheith nuálaíoch nó athrú go digiteach. 

background pattern shape Laoch Baile [Picture]_data

Cad a bhfuil suim agat ann

shape

Gach tacaíocht inbhuanaitheachta

Scag agus Sórtáil

Scagairí i bhfeidhm

Cineál tacaíochta
ALL
Méid an ghnólachta
ALL
Gníomhaireacht tacaíochta
ALL
Tionscal
ALL

Níl aon torthaí ag teacht le do chritéir scagaire reatha. Bain triail as do scagairí a choigeartú le haghaidh torthaí níos leithne.

Loading...
Airgeadas don Aistriú Glas

Iasachtaí solúbtha chun tacú le haistriú glas agus inbhuanaithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga

Tá iasachtaí idir €500,000 agus €5 mhilliún inrochtana do ghnólachtaí atá ag gabháil do chleachtais inbhuanaithe nó atá ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní glasa agus inbhuanaithe. Tá na hiasachtaí sin ar fáil ag rátaí úis iomaíocha, rud a fhágann gur rogha tharraingteach airgeadais iad agus téarmaí solúbtha aisíocaíochta sainoiriúnaithe don úsáid atá beartaithe don iasacht ag baint leo. 

Iasachtaí

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá tú lonnaithe i mballstát den AE agus i mbun gnó i bPoblacht na hÉireann
  • Ní mór duit na critéir incháilitheachta le haghaidh Táirge Ráthaíochta Inbhuanaitheachta do FBManna agus Cuideachtaí Meánchaipitlithe Beaga InvestEU a chomhlíonadh freisin
  • Tá incháilitheacht ag brath ar na téarmaí agus coinníollacha

Infheistíocht chaipitiúil le haghaidh próisis dícharbónaithe

Infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí um laghdú carbóin

Tá an deontas seo ceaptha chun cabhrú le gnólachtaí íoc as na hathruithe atá ag teastáil chun a n-astuithe carbóin a laghdú, rud a fhágann go mbeidh a gcuid oibríochtaí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Is féidir le hinfheistíocht in uirlisí, taighde, smaointe agus teicneolaíocht ghlas nua cabhrú le do chuideachta a sprioc maidir le glanastuithe nialasacha carbóin a bhaint amach níos tapúla.

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí a oibríonn chun a bpróisis déantúsaíochta a dhéanamh níos lú truaillithe.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann (FÉ) thú cheana féin 
  • Is cliant ionchasach d’Fhiontraíocht Éireann thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat 
  • Tá trádáil á déanamh agat sa tionscal déantúsaíochta

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

GreenPlus

Bí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus forbair scileanna na foirne

Leis an deontas inbhuanaitheachta GreenPlus, is féidir leat do ghnólacht a dhéanamh níos glaise ach beartas comhshaoil a fhorbairt atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. Cabhraíonn sé le gnólachtaí a bpáirt a ghlacadh chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú. 

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí a bhfuil tionscnaimh inbhuanaitheachta reatha acu agus atá ag iarraidh tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i samhlacha, táirgí agus seirbhísí gnó inbhuanaithe, agus oiliúint a chur ar an bhfoireann chun feidhmíocht chomhshaoil a n-eagraíochta a fheabhsú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann (FÉ) thú cheana féin 
  • Is cliant ionchasach d’Fhiontraíocht Éireann thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Clár Glas GFT Éireann

Tacaíocht chun cleachtais inbhuanaithe a chur chun feidhme le haghaidh eagraíochtaí ilnáisiúnta

Cuireann GFT Éireann clár ar fáil go sonrach dá chliaint reatha chun cleachtais inbhuanaithe a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is cliant GFT thú cheana féin

Green For Business – Údarás

Do thuras inbhuanaitheachta a thosú

Is deontas inbhuanaitheachta é seo ag an leibhéal iontrála. Cabhraíonn sé leat bealaí a thabhairt isteach le bheith níos inbhuanaithe i d’oibríochtaí laethúla. Is é an aidhm atá leis ná d’fheidhmíocht oibriúcháin a fheabhsú trí éifeachtúlacht níos fearr ionas gur féidir leat do chostais a ísliú agus a bheith níos iomaíche.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Fhostaíonn tú suas le 50 duine 
  • Tá tú ag feidhmiú le 6 mhí anuas ar a laghad
  • Tá ioncam €30k ar a laghad ginte agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Tacaíocht Maoinithe Caipitil

Plean a fhorbairt chun trádáil idirnáisiúnta a mhéadú

Cabhraíonn an ciste seo le cumas digiteach a threisiú, le hinfheistíocht a dhéanamh in ardteicneolaíochtaí agus le huathoibriú a ghlacadh, rud a chabhraíonn le táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú.

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann thú
  • Fhostaíonn tú deichniúr ar a laghad a oibríonn go lánaimseartha 
  • Tá tú ag trádáil i dtionscal déantúsaíochta nó seirbhísí incháilithe 

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Sraith Straitéisí ar Aeráid 4 do Ghnólachtaí

Soláthraíonn an tSraith Straitéisí seo bealaí praiticiúla duit le tosú ar ghníomhú chun dul i ngleic le hastuithe carbóin agus le bheith níos inbhuanaithe.

Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é Sraith Straitéisí ar Aeráid do Ghnólachtaí na Roinne Fiontair, tionscnamh atá deartha chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide (GBManna) agus dul chun cinn á dhéanamh acu maidir lena bheith níos inbhuanaithe agus a lorg carbóin a laghdú.

Comhairle agus Meantóireacht

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is FBM thú in Éirinn atá ag iarraidh céim a ghlacadh i dtreo todhchaí níos glaise. Is acmhainn úsáideach í an tSraith Straitéisí ar Aeráid do Ghnólachtaí.

An Cláir Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide

Treoir agus pleanáil straitéiseach do ghnólachtaí turasóireachta le bheith níos inbhuanaithe agus costais a ghearradh.

Is clár ilbhliantúil forbartha straitéisí agus infheistíochta é an Clár Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide do ghnólachtaí Turasóireachta agus Fáilteachais, clár chun inbhuanaitheacht na ngnólachtaí a fheabhsú agus a gcostais oibriúcháin a laghdú ag an am céanna. 

Oiliúint agus Cláir

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá gnólacht turasóireachta seanbhunaithe (úinéirí/bainisteoirí) agat a bhfuil imréiteach cánach agus suíomh fisiciúil in Éirinn aige
  • Caithfidh an gnólacht a bheith ag freastal go soiléir ar chuairteoirí intíre/idirnáisiúnta
  • Caithfidh an gnólacht a bheith ag caitheamh €10,000+ in aghaidh na bliana ar fhuinneamh (gan iompar san áireamh), agus caithfidh sé a bheith tiomanta don inbhuanaitheacht.

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

GreenStart – Údarás

Do thuras inbhuanaitheachta a thosú

Is deontas inbhuanaitheachta é seo ag an leibhéal iontrála. Cabhraíonn sé leat bealaí a thabhairt isteach le bheith níos inbhuanaithe i d’oibríochtaí laethúla. Is é an aidhm atá leis ná d’fheidhmíocht oibriúcháin a fheabhsú trí éifeachtúlacht níos fearr ionas gur féidir leat do chostais a ísliú agus a bheith níos iomaíche.

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí atá ag iarraidh an chéad chéim a thógáil chun feasacht agus cleachtais inbhuanaitheachta a thabhairt isteach.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin
  • Is cliant ionchasach d’Údarás na Gaeltachta thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat 
  • Chomhlíonann do thionscadal reachtaíocht chomhshaoil ábhartha an AE agus náisiúnta

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

GreenPlus – Údarás

Bí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus forbair scileanna na foirne

Leis an deontas inbhuanaitheachta GreenPlus, is féidir leat do ghnólacht a dhéanamh níos glaise ach beartas comhshaoil a fhorbairt atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. Cabhraíonn sé le gnólachtaí a bpáirt a ghlacadh chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú. 

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí a bhfuil tionscnaimh inbhuanaitheachta reatha acu agus atá ag iarraidh tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i samhlacha, táirgí agus seirbhísí gnó inbhuanaithe, agus oiliúint a chur ar an bhfoireann chun feidhmíocht chomhshaoil a n-eagraíochta a fheabhsú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin 
  • Is cliant ionchasach d’Údarás na Gaeltachta thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Níl aon torthaí ag teacht le do chritéir scagaire reatha. Bain triail as do scagairí a choigeartú le haghaidh torthaí níos leithne.

shape

Gach tacaíocht digitithe

Scag agus Sórtáil

Scagairí i bhfeidhm

Cineál tacaíochta
ALL
Méid an ghnólachta
ALL
Gníomhaireacht tacaíochta
ALL
Tionscal
ALL

Níl aon torthaí ag teacht le do chritéir scagaire reatha. Bain triail as do scagairí a choigeartú le haghaidh torthaí níos leithne.

Loading...
Diagnóisic Féinmheasúnaithe ar líne GFT Éireann

Do leibhéil digitithe agus nuálaíochta a mheas

Cuireann GFT Éireann uirlisí diagnóisice féinmheasúnaithe ar líne ar fáil do chliantchuideachtaí. Cabhraíonn na measúnuithe 20 nóiméad saor in aisce sin le gnólachtaí a leibhéal aibíochta digitithe agus nuálaíochta faoi láthair agus amach anseo a mheas.

 

Comhairle agus Meantóireacht

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is Cliantchuideachta de chuid an GFT thú san earnáil déantúsaíochta, cliantchuideachta atá ag iarraidh measúnú a dhéanamh ar leibhéil aibíochta na n-ardteicneolaíochtaí digiteacha agus inbhuanaithe faoi láthair agus sa todhchaí, agus atá in ann úsáid a bhaint as Diagnóisic na hArd-Déantúsaíochta (DA). 
  • Is Cliantchuideachta de chuid an GFT thú i seirbhísí, cliantchuideachta a bhfuil suim aici i measúnú a dhéanamh ar an leibhéal digitithe reatha agus amach anseo agus i réimsí atá le feabhsú a aimsiú, ar féidir léi leas a bhaint as an Diagnóisic Dhigitithe le haghaidh Seirbhísí (DDS).  
  • Is féidir le haon chliantchuideachta de chuid GFT Éireann úsáid a bhaint as Diagnóisic an Scórchárta Nuálaíochta (DSN) chun a leibhéil iomlána aibíochta nuálaíochta reatha agus sprice a mheas

Dearbhán Trádála Ar Líne

Láithreacht ar líne a fhorbairt le haghaidh do ghnólacht beag

Ionas go n-éireoidh le gnólachtaí sa Ghaeltacht san aois dhigiteach inniu, tá láithreacht láidir ar líne riachtanach. Leis an tacaíocht seo, is féidir leat d’acmhainní ríomhthráchtála a fhorbairt amhail cruthú suímh ghréasáin, margaíocht ar líne nó comhairleoireacht TF chun do láithreacht ar líne a fheabhsú.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat lonnaithe i nGaeltacht
  • Bhí tú ag trádáil ar feadh 6 mhí ar a laghad roimh dháta an iarratais
  • Tá láimhdeachas bliantúil níos lú ná €2m sa bhliain agat


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Tairiscint Ghnó na Barainne agus an Digitithe

Tacaíocht aistrithe na Barainne agus dhigitigh do chuideachtaí ilnáisiúnta in Éirinn

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is cliantchuideachta de chuid GFT thú cheana féin

Tairseach Grow Digital

Pacáiste Uirlisí Digiteacha do Gach Gnólacht

Is foireann uirlisí digiteacha é tairseach Grow Digital na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta do gach gnólacht, chun cabhrú leo glacadh leis na deiseanna is féidir le teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha a thairiscint.

Oiliúint agus Cláir

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá tú ag aon chéim de do thuras digiteach, ach go háirithe dóibh siúd atá díreach tar éis tosú amach. Is féidir leat an uirlis a úsáid chun na rudaí seo a leanas a mheas: do staid reatha, an méid is féidir leat a dhéanamh agus tú ag bogadh ar aghaidh, agus cá háit ar féidir leat dul chun cabhair a fháil.

Forbairt Tallainne Straitéiseach

Cabhrú le foirne ceannaireachta i gcuideachtaí ilnáisiúnta tallann nua a thógáil ina n-eagraíocht

Comhpháirtíocht chomhoibríoch idir Skillnet Ireland agus GFT Éireann is ea an Clár Straitéiseach Forbartha Tallainne atá deartha chun tacú le ceannairí agus le foirne ceannaireachta i gcuideachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn.

Oiliúint agus Cláir

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá tú mar chuid d’fhoireann cheannaireachta i gcuideachtaí seanbhunaithe infheistíochta dírí eachtraí (IDE) in Éirinn. 

MentorsWork

Tacaíocht shaincheaptha chun cabhrú le do ghnólacht a bheith rathúil

Is clár tacaíochta gnó spriocdhírithe é MentorsWork atá dírithe ar FBManna a chuireann oiliúint ar fáil d’úinéirí is bainisteoirí maidir le conas iomaíochas a ngnólachta a fhorbairt agus a chothabháil trí scileanna láidre ceannaireachta.

Oiliúint agus Cláir

Comhairle agus Meantóireacht

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá gnólacht san earnáil phríobháideach agat atá bunaithe in Éirinn agus a bhfuil idir 1 agus 250 fostaí aige

Scéim Dearbháin Trádála Ar Líne

Láithreacht ar líne a fhorbairt le haghaidh do ghnólacht beag

Tá láithreacht láidir ar líne riachtanach chun go n-éireoidh le gnólachtaí san aois dhigiteach inniu. Leis an tacaíocht seo, is féidir leat d’acmhainní ríomhthráchtála a fhorbairt amhail cruthú suímh ghréasáin, margaíocht ar líne nó comhairleoireacht TF chun do láithreacht ar líne a fheabhsú.

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí beaga Éireannacha atá ag iarraidh a láithreacht ar líne a leathnú chun díolacháin a mhéadú agus chun teacht ar mhargaí nua. 

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Fhostaíonn tú suas le deichniúr
  • Tá láithreacht theoranta trádála ar líne agat nó níl ceann agat fós
  • Tá tú ag feidhmiú le 6 mhí anuas ar a laghad
  • Tá láimhdeachas bliantúil suas le €2 mhilliún agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha

Tairseach Comhpháirtíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha

Comhoibriú idir cuideachtaí a oibríonn le teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus inbhuanaithe

Is iad Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha, Digiteacha agus Inbhuanaithe teicneolaíochtaí a bhfuil an cumas acu “briseadh isteach” nó athrú a dhéanamh ar mhargaí agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn gnólachtaí. Is minic a bhaineann siad le táirgí agus seirbhísí nua agus le teacht chun cinn samhlacha gnó nua. Is ardán ar líne é Tairseach Comhpháirtíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha GFT Éireann (TCTB) atá ceaptha chun cuideachtaí a nascadh chun comhoibriú agus comhpháirtíochtaí a chothú idir cuideachtaí a oibríonn le teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus inbhuanaithe.

Oiliúint agus Cláir

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá cuideachta atá bunaithe in Éirinn agat, lena n-áirítear gnólachtaí seanbhunaithe, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí ilnáisiúnta.

Dearbhán Grow Digital

Tacaíocht airgeadais chun glacadh leis an teicneolaíocht dhigiteach

Tairgeann dearbhán Grow Digital tacaíocht airgeadais ionas gur féidir le do ghnólacht glacadh le teicneolaíocht dhigiteach

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht bunaithe agat atá ag trádáil ar feadh 6 mhí ar a laghad, gnólacht atá cláraithe agus atá ag feidhmiú laistigh de limistéar na hOifige Fiontair Áitiúil

Comhairle Rochtana: Fionnachtain Dhigiteach

Plean digiteach a fhorbairt agus teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach

Chun bheith iomaíoch i margadh an lae inniu, ní mór do ghnólachtaí a thuiscint cad is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach a thairiscint. Spreagann agus tacaíonn an deontas seo le cuideachtaí teicneolaíochtaí digiteacha agus réitigh nua a thabhairt isteach ina gcuid oibríochtaí. An toradh ná éifeachtúlacht níos fearr, eispéiris fheabhsaithe do chustaiméirí, cinnteoireacht níos fearr, agus cumas feabhsaithe táirgí níos fearr agus níos éagsúla a thabhairt chuig an margadh

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Deontais agus Maoiniú

Cuideachtaí atá ag iarraidh teicneolaíochtaí digiteacha nua a thabhairt isteach ina ngnó chun éifeachtúlacht a mhéadú, seirbhísí a fheabhsú agus eispéireas custaiméara níos fearr a chruthú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann (FÉ) thú
  • Tá do ghnólacht a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe aige faoi úinéireacht Éireannach agus oibríonn sé sna hearnálacha seirbhísí trádála/déantúsaíochta idirnáisiúnta.

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Níl aon torthaí ag teacht le do chritéir scagaire reatha. Bain triail as do scagairí a choigeartú le haghaidh torthaí níos leithne.

shape

Gach tacaíocht nuálaíochta

Scag agus Sórtáil

Scagairí i bhfeidhm

Cineál tacaíochta
ALL
Méid an ghnólachta
ALL
Gníomhaireacht tacaíochta
ALL
Tionscal
ALL

Níl aon torthaí ag teacht le do chritéir scagaire reatha. Bain triail as do scagairí a choigeartú le haghaidh torthaí níos leithne.

Loading...
Clár Deontais um Chomhpháirtíocht Nuálaíochta – Údarás

An nuálaíocht agus an fás a threisiú le cabhair ó shaineolaí acadúil

Nascann Clár Comhpháirtíochta Nuálaíochta Fhiontraíocht Éireann gnólachtaí le hinstitiúidí taighde (ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta) chun comhoibriú ar thionscadail taighde. Is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as inniúlachtaí gairmiúla taighde chun nuálaíocht a bhrú chun cinn ina gcuid táirgí, próiseas nó seirbhísí. 

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí atá ag iarraidh táirgí, próisis nó seirbhísí nua nó feabhsaithe a fhorbairt trí chomhoibriú agus eolas a roinnt le hinstitiúidí taighde Éireannacha.


D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin 
  • Tá fáilte roimh bhraislí cuideachtaí iarratas a dhéanamh 
  • Is féidir leat ranníocaíocht airgid íosta de 20% de chostas iomlán an tionscadail a sholáthar


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha. 
 

Fís Eorpach – Údarás

Glac páirt i gclár taighde agus nuálaíochta suaitheanta an AE

Cuireann Fís Eorpach maoiniú agus saineolas ar fáil do ghnólachtaí Éireannacha chun táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt agus a sheoladh a thugann aghaidh ar dhúshláin dhomhanda. 

Oiliúint agus Cláir

Do Ghnólachtaí Éireannacha atá ag iarraidh a n-uaillmhianta taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn trí mhaoiniú breise. 

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá oibleagáid ort gnólacht atá bunaithe i mBallstát AE a bheith agat 
  • Tá do thionscadal ag teacht le spriocanna taighde agus nuálaíochta an chláir


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Clár TF&N GFT Éireann

Páirt a ghlacadh i dtaighde, forbairt agus nuálaíocht.

Tacaíonn an Clár TF&N le gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta (TF&N) do chliantchuideachtaí. Cuireann sé raon acmhainní ar fáil chun cabhrú le cuideachtaí a bheith nuálach agus gníomhaíochtaí T&F a fhás agus a fhorbairt in Éirinn.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is cliantchuideachta reatha de chuid GFT Éireann thú atá ag iarraidh na háiseanna reatha T&F atá agat in Éirinn a leathnú nó a fhorbairt tuilleadh. Nó cuideachtaí atá ag iarraidh áis T&F a bhunú in Éirinn. 

Staidéir Indéantachta Gairneoireachta

Cúnamh Infheistíochta don Nuálaíocht agus don Éagsúlú sa Ghairneoireacht (Staidéir Indéantachta/Deisce)

Tá an scéim dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, a bhfuil baint acu le táirgeadh gairneoireachta príomhúil, ar mian leo a bheith nuálaíoch agus a bheith níos éagsúla sa tionscal gairneoireachta ach ar gá dóibh staidéir shonracha a dhéanamh (indéantacht/deasc-bhunaithe) sula ndéantar amhlaidh.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is fiontar beag agus meánmhéide thú a bhfuil baint agat le táirgeadh gairneoireachta príomhúla ar mian leis a bheith nuálaíoch agus a bheith níos éagsúla sa tionscal gairneoireachta

Comhairle Rochtana: IP Start

Cabhair agus comhairle ar chúrsaí maoine intleachtúla

Comhairle Rochtana: Tacaíonn ‘IP Start’ le cuideachtaí sainseirbhísí comhairleacha agus tacaíochta maoine intleachtúla seachtracha a fháil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna láithreacha um maoin intleachtúil. Mar shampla, taighde ealaíne roimh ré chun tacú le staidéar Indéantachta Teicniúla TF&N (taighde, forbairt agus nuálaíocht), Iniúchadh Maoine Intleachtúla, dréachtú agus comhdú paitinne, clárú trádmharc, etc.

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí a bhfuil baint ghníomhach acu le taighde agus forbairt a dteastaíonn cabhair láithreach uathu le cúrsaí maoine intleachtúla.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann, Oifig Fiontair Áitiúil nó Údarás na Gaeltachta thú
  • Tá do ghnólacht a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe aige faoi úinéireacht Éireannach agus oibríonn sé sna hearnálacha seirbhísí trádála/déantúsaíochta idirnáisiúnta.

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Deontais um Staidéir Indéantachta

Fiosrú an n-oibreoidh do smaoineamh gnó

Is féidir leis an tacaíocht seo cabhrú le bonn láidir a chur faoi d’fhiontar nua, rud a mhéadóidh an seans go n-éireoidh leat i margadh iomaíoch.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Deontais Taighde agus Forbartha

Díolacháin agus fostaíocht a mhéadú le taighde agus forbairt

Leis an maoiniú seo, is féidir le gnólachtaí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicniúla agus leanúint de bheith iomaíoch trína gcumas Taighde agus Forbartha a fhorbairt.

Deontais agus Maoiniú

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Clár Comhpháirtíochta Nuálaíochta

An nuálaíocht agus an fás a threisiú le cabhair ó shaineolaí acadúil

Nascann Clár Comhpháirtíochta Nuálaíochta Fhiontraíocht Éireann gnólachtaí le hinstitiúidí taighde (ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta) chun comhoibriú ar thionscadail taighde. Is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as inniúlachtaí gairmiúla taighde chun nuálaíocht a bhrú chun cinn ina gcuid táirgí, próiseas nó seirbhísí. 

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Deontais agus Maoiniú

Gnólachtaí atá ag iarraidh táirgí, próisis nó seirbhísí nua nó feabhsaithe a fhorbairt trí chomhoibriú agus eolas a roinnt le hinstitiúidí taighde Éireannacha.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann thú cheana féin 
  • Tá fáilte roimh bhraislí cuideachtaí iarratas a dhéanamh 
  • Is féidir leat ranníocaíocht airgid íosta de 20% de chostas iomlán an tionscadail a sholáthar

Tacaíochtaí Fhís Eorpach

Glac páirt i gclár taighde agus nuálaíochta suaitheanta an AE

Cuireann Fís Eorpach maoiniú agus saineolas ar fáil do ghnólachtaí Éireannacha chun táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt agus a sheoladh a thugann aghaidh ar dhúshláin dhomhanda. 

Oiliúint agus Cláir

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá do ghnólacht i mBallstát bunaithe den AE 
  • Tá do thionscadal ag teacht le spriocanna taighde agus nuálaíochta an chláir

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha

Nuálaíocht Próisis Dhigitigh (NPD)

Táirgiúlacht agus éifeachtúlacht do ghnólachta a mhéadú le teicneolaíocht dhigiteach

Soláthraíonn an tacaíocht seo maoiniú chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí digiteacha nua, i bpróisis eagraíochtúla agus i dteicneolaíocht a dhéanfaidh do ghnólacht níos táirgiúla agus níos éifeachtaí.

82b063dd194fa4824750d1db3b2aa506g

Oiliúint agus Cláir

Gnólachtaí atá ag iarraidh teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt isteach ina ngnó chun bealaí nua oibre níos éifeachtaí a chruthú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann thú
  • Tá tú i mbun gnó le dhá bhliain anuas ar a laghad 
  • Tá tú ag trádáil go hidirnáisiúnta nó tá an cumas agat é sin a dhéanamh sa ghearrthéarma


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Níl aon torthaí ag teacht le do chritéir scagaire reatha. Bain triail as do scagairí a choigeartú le haghaidh torthaí níos leithne.