Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Tacaíochtaí um Ghníomhú ar son na hAeráide

Acmhainní ar líne le haghaidh gnó níos inbhuanaithe

Réimse acmhainní ar líne, treoracha, cás-staidéar agus uirlisí praiticiúla, lena n-áirítear rochtain ar áireamhán carbóin chun lorg carbóin do ghnólachta a fháil amach agus d’astaíochtaí carbóin a thagarmharcáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cabhróidh na huirlisí sin le gnólachtaí turasóireachta agus fáilteachais a gcuid spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach agus bearta coigilte costais atá tíosach ar fhuinneamh a thabhairt isteach.

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus a bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

D’fhéadfá a bheith incháilithe más gnólacht thú atá ag feidhmiú i dtionscal fáilteachais agus turasóireachta na hÉireann, mar shampla:

  • soláthraí lóistín (óstáin, leaba is bricfeasta, iostas féinfhreastail)
  • bialann nó caifé
  • soláthraí gníomhaíochta (turais, nithe is díol spéise, gníomhaíochtaí eachtraíochta)
  • gnólachtaí a bhaineann le turasóireacht (iompar, miondíol, eispéiris chultúrtha, féile)

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Rochtain ar an Mol um Ghníomhú ar son na hAeráide, roinn tiomnaithe de shuíomh gréasáin an Mhoil Tacaíochta Gnó a sholáthraíonn treoracha agus uirlisí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide an tionscail.
  • Rochtain ar chás-staidéir a thaispeánann samplaí rathúla de thionscnaimh um ghníomhú ar son na haeráide sa tionscal turasóireachta. 
  • Uirlis phraiticiúil áireamháin carbóin a chabhraíonn le do ghnólacht a lorg carbóin a ríomh agus réimsí le feabhsú a aithint.

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Do lorg carbóin a íoslaghdú trí thuiscint níos fearr a fháil ar chleachtais inbhuanaithe amhail bainistíocht fuinnimh, caomhnú uisce agus laghdú dramhaíola.
  • Costais a laghdú trí bheith níos tíosaí ar fhuinneamh 
  • Buntáiste iomaíoch a bhaint amach i margadh trí fheabhas a chur ar do chlú i measc turasóirí agus custaiméirí atá comhfhiosach ar an timpeallacht. 

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine