Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Origin Green Academy

Cláir Treorach agus Oiliúna Inbhuanaitheachta

Tacaíonn Origin GreenAcademy le gnólachtaí bia, dí agus gairneoireachta na hÉireann forbairt a dhéanamh ar thallann inbhuanaitheachta/ESG atá ar thús cadhnaíochta sa tionscal agus ar na scileanna inbhuanaitheachta a theastaíonn chun laghduithe uaillmhianacha astuithe a bhaint amach ar fud na hearnála, dlús a chur lena ndul chun cinn inbhuanaitheachta, freastal ar ionchais na dtomhaltóirí domhanda agus ceanglais reachtaíochta a chomhlíonadh

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Is ball thú de Origin Green

Cad a fhaigheann tú?

Cláir chumaisc reatha (duine le duine agus ar líne):

  • Pathway to Net Zero (Conair i dTreo na Neodrachta Carbóin)
  • Pathways to Sustainable Packaging (Conairí i dTreo na Pacáistíochta Inbhuanaithe)
  • Pathways to Biodiversity Planning (Conairí i dTreo na Pleanála maidir le Bithéagsúlacht)

Treoir Inbhuanaitheachta Reatha:

  • Bithéagsúlacht
  • Astuithe/Spriocanna Eolaíochtbhunaithe (SEBanna)
  • Pacáistiú
  • Uisce
  • Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú
  • Dramhaíl Bhia

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Is bealach ar chostas íseal é Origin Green Academy do chuideachtaí chun scileanna a fheabhsú i ngach réimse inbhuanaitheachta lena n-áirítear réimse an chomhshaoil agus an réimse sóisialta
  •  Soláthraíonn sé treoir agus oiliúint freisin chun cabhrú le cuideachtaí fanacht ar an eolas faoi na saincheisteanna is tábhachtaí dá n-earnáil agus dá gcustaiméirí chomh maith lena chinntiú go bhfuil siad feasach ar reachtaíocht agus ar bheartas ESG an AE agus an Domhain atá ag teacht chun cinn sa spás seo. 

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine