Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Dearbhán Grow Digital

Tacaíocht airgeadais chun glacadh leis an teicneolaíocht dhigiteach

Tairgeann dearbhán Grow Digital tacaíocht airgeadais ionas gur féidir le do ghnólacht glacadh le teicneolaíocht dhigiteach

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht bunaithe agat atá ag trádáil ar feadh 6 mhí ar a laghad, gnólacht atá cláraithe agus atá ag feidhmiú laistigh de limistéar na hOifige Fiontair Áitiúil

Cad a fhaigheann tú?

  • Deontas a chumhdaíonn 50% de na costais incháilithe (deontas íosta de €500 suas go dtí uasmhéid de €5,000) teoranta do shíntiúis bogearraí nua ar feadh tréimhse 12 mhí (e.g., ríomhthráchtáil, CRM, cuntasaíocht) agus oiliúint agus cumraíocht na mbogearraí (teoranta do 50% de chostas ceannaigh na mbogearraí)

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Éifeachtúlacht a Threisiú: Cuíchóirigh oibríochtaí agus feabhsaigh an táirgiúlacht le huirlisí digiteacha nua
  • Freastal ar Chustaiméirí Nua: Leathnaigh do láithreacht agus téigh i bhfeidhm ar phobal níos leithne ar líne
  • Fanacht Iomaíoch: Laghdaigh an bhearna dhigiteach agus bí san iomaíocht go héifeachtach i margadh an lae inniu

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine