Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Ciste um Aistriú Digiteach

Táirgiúlacht agus éifeachtúlacht do ghnólachta a mhéadú le teicneolaíocht dhigiteach

Soláthraíonn an tacaíocht seo maoiniú chun infheistíocht a dhéanamh in uirlisí digiteacha, i seirbhísí agus i dteicneolaíocht nua a dhéanfaidh do ghnólacht níos éifeachtaí agus níos athléimní

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Treoir ó shainchomhairleoirí chun cabhrú le riachtanais dhigiteacha do ghnólachta a aithint
  • Plean ina leagtar réitigh dhigiteacha ar leith amach atá ag teacht le do spriocanna gnó
  • Cistí chun cuid den chostas a bhaineann leis an bplean digiteach a chur i bhfeidhm a chlúdach

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Comhairleoir seachtrach a fhostú chun plean saincheaptha a fhorbairt d’aistriú digiteach
  • Fostaithe a oiliúint ar uirlisí agus próisis dhigiteacha nua
  • Uirlisí digiteacha riachtanacha agus teicneolaíocht ar nós crua-earraí agus bogearraí a cheannach

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine