Conas is féidir linn cabhrú?
Nascann Clár Comhpháirtíochta Nuálaíochta Fhiontraíocht Éireann gnólachtaí le hinstitiúidí taighde (ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta) chun comhoibriú ar thionscadail taighde. Is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as inniúlachtaí gairmiúla taighde chun nuálaíocht a bhrú chun cinn ina gcuid táirgí, próiseas nó seirbhísí.
Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.
*Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine