Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Deontais um Staidéir Indéantachta

Fiosrú an n-oibreoidh do smaoineamh gnó

Is féidir leis an tacaíocht seo cabhrú le bonn láidir a chur faoi d’fhiontar nua, rud a mhéadóidh an seans go n-éireoidh leat i margadh iomaíoch.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Féadfar cuid shuntasach de na costais a bhaineann go díreach leis an staidéar indéantachta a chumhdach. 

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Tuarastail agus pá fhostaithe na cuideachta
  • An costas a bhaineann le comhairleoirí seachtracha
  • Taisteal agus cothú a bhaineann leis agus aon fhorchostas breise eile a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an Staidéar Indéantachta

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine