Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Nuálaíocht Próisis Dhigitigh (NPD)

Táirgiúlacht agus éifeachtúlacht do ghnólachta a mhéadú le teicneolaíocht dhigiteach

Soláthraíonn an tacaíocht seo maoiniú chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí digiteacha nua, i bpróisis eagraíochtúla agus i dteicneolaíocht a dhéanfaidh do ghnólacht níos táirgiúla agus níos éifeachtaí.

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí atá ag iarraidh teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt isteach ina ngnó chun bealaí nua oibre níos éifeachtaí a chruthú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant d’Fhiontraíocht Éireann thú
  • Tá tú i mbun gnó le dhá bhliain anuas ar a laghad 
  • Tá tú ag trádáil go hidirnáisiúnta nó tá an cumas agat é sin a dhéanamh sa ghearrthéarma


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • 50% de na costais incháilithe, suas go dtí uasdeontas de €150,000
  • Tá an tacaíocht seo do thionscadail dhigiteacha níos mó le híosmhéid caiteachais de €100,000

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Infheistíocht i dtrealamh táirgthe, próisis agus oiliúint nua
  • Bealach nua oibre a thabhairt isteach chun cáilíocht, luas, solúbthacht nó inbhuanaitheacht oibríochtaí na cuideachta a mhéadú
  • Eispéiris dhigiteacha nua do chustaiméirí a thabhairt isteach
  • Chun costais ábhar tionscadail, oiliúint foirne nó comhairleoirí a chumhdach 

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine