- Chun go n-oibríonn an suíomh gréasáin.
- Chun do chuairt a shaincheapadh.
- Chun ár suíomh gréasáin a fheabhsú.
- Chun cuardaigh a rinne cuairteoirí le déanaí a shábháil chun am a shábháil agus iad ag tabhairt athchuairt ar ár Suíomh Gréasáin.
- Chun fógraíocht ábhartha a chur ar fáil do chuairteoirí (tá tríú páirtithe rannpháirteach san fhógraíocht sin a sholáthar).
- Anailís a dhéanamh ar shonraí a bhailítear agus iad a thiomsú chun próifíl a chruthú faoi chuairteoirí.
Polasaí Fianáin
Ag an Mol Náisiúnta Fiontair (“muid”, “sinn” nó “ár”), ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh do chuairt ar ár suíomh gréasáin furasta, iontaofa agus chomh húsáideach agus is féidir duit. Faoi réir do thoilithe nuair a cheanglaítear sin de réir an dlí is infheidhme, bainimid úsáid as fianáin agus teicneolaíochtaí comhchosúla (“fianáin”) chun cabhrú linn úsáid agus feidhmiúlacht an tsuímh ghréasáin a fheabhsú agus chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh gréasáin agus as na huirlisí agus as na seirbhísí a chuirtear ar fáil air.
Féach freisin ar ár bhFógra Cosanta Sonraí Pearsanta le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na bealaí ina mbailímid agus ina n-úsáidimid do shonraí pearsanta.
1. Cad é atá i gceist le Fianáin?
Is comhaid bheaga sonraí iad fianáin a stóráiltear i do bhrabhsálaí gréasáin ar do ríomhaire, táibléad nó guthán cliste nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin. Tá roinnt feidhmeanna ag fianáin, amhail a chur ar do chumas nascleanúint a dhéanamh go héifeachtach idir leathanaigh, cuimhneamh ar do shainroghanna, do spéiseanna nó do shonraí logáil isteach, agus d’eispéireas a fheabhsú go ginearálta.
2. An mbainimid úsáid as Fianáin?
Bainimid úsáid as fianáin chun go n-oibríonn an suíomh gréasáin agus chun eispéireas an chuairteora a fheabhsú. Níl ach na fianáin atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an suíomh gréasáin ar siúl ar an suíomh. Múchtar gach fianán eile trí réamhshocrú agus teastaíonn do thoiliú chun iad a ghníomhachtú. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire, trí chatagóirí áirithe fianáin a dhíchumasú, go bhféadfaí cosc a chur ort rochtain a fháil ar roinnt gnéithe dár suíomhanna gréasáin. Féach cuid 5 le haghaidh faisnéise maidir le toiliú a thabhairt / diúltú d’úsáid fianán ar an suíomh gréasáin seo. Féach ar an Liosta Fianán ar an suíomh gréasáin seo.
3. Cad chuige a mbainimid úsáid as Fianáin?
Bainimid úsáid as fianáin chun na gcríoch seo a leanas:
4. Cad iad na Fianáin a úsáidimid?
Eolas ginearálta
Foinse (Cá as a dtagann na fianáin) | |
Fianáin Chéadpháirtí | Soláthraímid na fianáin seo agus baineann gnéithe éagsúla úsáid astu ar ár Suíomh Gréasáin. Mar shampla, chun cuairt cuairteora a shaincheapadh, faisnéis staitistiúil a sholáthar, agus aitheantas cuairteora a fhíorú chun críocha slándála. |
Fianáin Tríú Páirtí | Tá na fianáin seo á soláthar ag díoltóirí “Tríú Páirtí” a sholáthraíonn táirgí agus gnéithe atá comhtháite againn inár Suíomh Gréasáin. Ina measc tá suíomhanna meán sóisialta, líonraí fógraí agus córais slándála. |
Dul as feidhm (Cá fhad a mhaireann fianáin) | |
Fianáin an tSeisiúin | Cuirtear na fianáin seo i bhfeidhm nuair a thosaíonn cuairteoirí ag brabhsáil ar ár Suíomh Gréasáin nó nuair a idirghníomhaíonn siad le gné ar leith, agus scriostar na fianáin nuair a dhúntar an brabhsálaí. |
Fianáin Leanúnacha | Cuirtear na fianáin seo i bhfeidhm nuair a thosaíonn cuairteoirí ag brabhsáil ár Suíomh Gréasáin nó nuair a idirghníomhaíonn siad le gné ar leith, ach féadfar iad a stóráil ar do Ghléas go dtí go sroichfear dáta foirceanta áirithe (i dtaca le nóiméid, laethanta nó blianta ó cruthaíodh/nuashonraíodh an fianán). |
Cineál (Cén feidhmchlár a úsáideann an fianán) | |
Fianáin riachtanacha | Tá fianáin riachtanacha ag teastáil chun a chinntiú go bhfeidhmíonn an suíomh gréasáin mar is ceart. Ní bhailíonn na fianáin faisnéis ó do ríomhaire agus de ghnáth stórálann siad faisnéis i bhfoirm aitheantais seisiúin nach n-aithníonn thú go pearsanta. |
Taithí Úsáideora | Cuidíonn na fianáin seo le d’eispéireas ar an suíomh gréasáin seo a fheabhsú. Is minic a shocraítear na fianáin chun cuimhneamh ar roghanna úsáideoirí go háirithe idir cuairteanna ar an suíomh gréasáin. |
Fianáin anailíse | Cabhraíonn fianáin anailíse linn ár suíomh gréasáin a fheabhsú trí fhaisnéis a bhailiú agus a thuairisciú ar an gcaoi a n-úsáideann tú é. Bailíonn na fianáin faisnéis ar bhealach nach sainaithnítear duine ar bith léi go díreach. |
Fianáin mhargaíochta | De ghnáth socraítear na fianáin seo mar thoradh ar roinnt ábhar leabaithe amhail físeán, rud éigin a roinnt ar na meáin shóisialta nó cnaipe ‘is maith liom’. Socraítear na fianáin chun cabhrú le heispéireas an úsáideora ar an suíomh gréasáin a fheabhsú. Is minic a shocraítear iad chun cuimhneamh ar roghanna úsáideoirí go háirithe idir cuairteanna ar an suíomh gréasáin. |
5. Fianáin a Bhainistiú agus a Dhíchumasú
Is féidir leat na fianáin a chuirtear agus a choinnítear ar do ghléas a rialú. Cuirtear an Fógra Cosanta Sonraí agus an Polasaí Fianán seo ar fáil chun bheith soiléir faoinár gcleachtais maidir le húsáid fianán agus chun deis a thabhairt duit rogha eolach a dhéanamh.
Níl ar siúl ar an suíomh ach amháin na fianáin atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an suíomh. Múchtar gach fianán eile trí réamhshocrú agus teastaíonn do thoiliú chun iad a ghníomhachtú. Nuair is infheidhme, gheobhaimid do thoiliú feasach roimh ré chun na fianáin seo agus teicneolaíochtaí rianaithe eile a úsáid; is iad sin a stórálann nó a fhaigheann rochtain ar fhaisnéis ar do ghléas.
Ar do chéad chuairt ar an suíomh gréasáin, déanfar ár n-uirlis bainistíochta fianán a ghníomhachtú. Iarrfar ort do rogha fianán a shocrú don suíomh gréasáin. Stórálfar do rogha roghnaithe ar feadh 6 mhí sula n-iarrfar ort arís do roghanna fianán a dhearbhú.
Is féidir leat an toiliú sin a tharraingt siar / a athrú ag am ar bith tríd an deilbhín ‘Bainistigh Fianáin’ a chliceáil atá suite ar bhuntásc gach leathanach dár suíomh gréasáin. Is féidir leat rogha a dhéanamh idir fianáin “atá riachtanach amháin”, “glacadh le gach” fianán nó Fianáin maidir le “Eispéireas Úsáideora”, “Anailísíocht” agus “Margaíocht” a roghnú. Nuair a bheidh do chuid roghanna socraithe, cliceáil “Deimhnigh agus Sábháil” chun na hathruithe a shábháil. B’fhéidir go mbeidh ort do leathanach a athnuachan le go dtiocfaidh do shocruithe i bhfeidhm.
Tabhair faoi deara, má chuireann tú teorainn le cumas an tsuímh ghréasáin fianáin a shocrú, féadfaidh sé sin cosc a chur ort gnéithe áirithe dár suíomh gréasáin a úsáid i gceart agus féadfaidh do thaithí úsáideora – nach mbeidh pearsantaithe duit a thuilleadh – dul in olcas.
6. Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi Fhianáin?
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhianáin trí chuairt a thabhairt ar na suíomhanna gréasáin faisnéise seo a leanas:
Leasuithe ar an bhFógra seo
Cuirfimid aon athrú ar ár bhFógra Fianán ar an suíomh gréasáin agus athrófar an dáta éifeachtach ag barr an Fhógra Fianán agus é sin á dhéanamh againn. Déanfaimid ár n-uirlis bainistíochta fianán a uasdátú freisin.
An nuashonrú is déanaí: 9 Samhain 2023