Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Rialachas Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Rialachas Eacnamaíoch agus Sóisialta

     

    Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta (FINanna)

    Is moltaí iad Treoirlínte an ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta a dhírítear ar fhiontair ilnáisiúnta a fheidhmíonn in nó ó 42 tír atá ag cloí leo, Éire san áireamh. Soláthraíonn siad prionsabail agus caighdeáin neamhcheangailteacha maidir le hIompar Gnó Freagrach do chuideachtaí ilnáisiúnta i gcomhthéacs domhanda atá comhsheasmhach leis na dlíthe is infheidhme agus le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta.

     

    Tugann na tíortha a chloíonn leis na Treoirlínte gealltanas ceangailteach iad a chur chun feidhme. Glacadh leis na Treoirlínte is déanaí in 2011 agus áirítear leo caibidlí ar na nithe seo a leanas: Prionsabail Ghinearálta; Nochtadh; Cearta Daonna; Fostaíocht agus Caidreamh Tionsclaíoch; An Comhshaol; Breabaireacht, Sirtheoireacht Breabanna agus Sracaireacht a Chomhrac; Leasanna Tomhaltóirí; Eolaíocht agus Teicneolaíocht; Iomaíocht agus Cánachas.

     

    Tá Pointe Teagmhála Náisiúnta (PTN) ag gach rialtas a chloíonn leis na Treoirlínte chun Treoirlínte an ECFE a chur chun cinn, chun fiosrúcháin a láimhseáil agus chun rannchuidiú le réiteach saincheisteanna a thagann chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoirlínte an ECFE i gCásanna Sonracha (sásra casaoide). Tá PTN na hÉireann in Aonad Beartais Trádála na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

     

    Gheobhaidh tú eolas faoi na Treoirlínte anseo: https://enterprise.gov.ie/en/what-we-do/trade-investment/trade-policy/

     

    Tuairisciú Neamhairgeadais

    Síníodh Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Nochtadh na Faisnéise Neamhairgeadais agus Éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe) 2017 ina ndlí ar an 30 Iúil 2017 agus tháinig siad i bhfeidhm ar an 21 Lúnasa 2017.

    Tá tuilleadh eolais ar nochtadh (neamhairgeadais) ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach (OSFC): http://www.odce.ie/en-gb/publications.aspx

Níl anseo ach roinnt de na hearnálacha a gcabhraímid leo

Féach na tacaíochtaí ar fad
Laoch Baile [Picture]_data
Ealaíona, Ceardaíocht agus Dearadh
Tacaíocht a thabhairt do na hearnálacha ealaíon, ceardaíochta agus dearaidh chun dul i mbun nuálaíochta agus fás go hidirnáisiúnta.
Laoch Baile [Picture]_data
Bia agus Deoch
Tacú le forbairt inbhuanaithe táirgeoirí bia nuálacha a bhfuil cáil dhomhanda orthu
Laoch Baile [Picture]_data
Fáilteachas agus Turasóireacht
Tacú le digitiú, le fás inbhuanaithe agus le líonrú san earnáil fáilteachais agus turasóireachta.
Laoch Baile [Picture]_data
Miondíol
Tacaíocht a thabhairt do mhiondíoltóirí chun bheith níos iomaíche agus athléimní agus chun onnmhairiú go hidirnáisiúnta