Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Saoráil Faisnéise

    Ráiteas um Shaoráil Faisnéise

     

    Forálann an tAcht SF 2014 go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

    - an ceart rochtana ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chloíonn le forálacha Alt 6 den Acht;

    - an ceart faisnéis phearsanta a shealbhaítear fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;

    - an ceart cúiseanna a bheith le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu.

    Ciallaíonn na cearta sin, ó dháta áirithe (an 21 Aibreán 1998 i leith Fhiontraíocht Éireann), gur féidir le daoine rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a shealbhaítear fúthu, is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.

     

    Foilseacháin

    Ceanglaítear faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise an oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar shlí oscailte agus inrochtana, agus ar bhonn rialta, lasmuigh de Shaoráil Faisnéise, agus aird á tabhairt ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar atá leagtha amach in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht. Ceadaíonn sé sin taifid a fhoilsiú nó a thabhairt lasmuigh de SF ar choinníoll nach bhfuil a leithéid d’fhoilsiú nó rochtain toirmiscthe le dlí. Cuireann an scéim ceangal ar chomhlachtaí SF faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo. Le haghaidh tuilleadh eolais, breathnaigh ar Scéim na bhFoilseachán.

     

    Freagraí tugtha ar Cheisteanna maidir le Saoráil Faisnéise (SF) anseo thíos:

    Cad is Saoráil Faisnéise ann?
    Conas a oibríonn Saoráil Faisnéise?
    Conas is féidir liom Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a chur faoi bhráid Fhiontraíocht Éireann?
    An dtiocfadh liom rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá á lorg agam?
    An ngearrtar táille as faisnéis a fháil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise?
    Cé chomh luath agus is féidir le duine a bheith ag siúl le freagra agus iarratas ar thaifid á dhéanamh acu?
    Cad a tharlóidh mura mbím sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas ar Shaoráil Faisnéise?
    Cad a tharlóidh mura mbím sásta leis an gcinneadh ar athbhreithniú inmheánach?
    An féidir liom cabhair a fháil chun iarratas a dhéanamh?
    An gá dom iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chun faisnéis a fháil ó Fhiontraíocht Éireann?
    Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais ar Shaoráil Faisnéise?

     

    Cad is Saoráil Faisnéise ann?

    Forálann an tAcht SF 2014 go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

    • an ceart rochtana ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chloíonn le forálacha Alt 6 den Acht;
    • an ceart faisnéis phearsanta a shealbhaítear fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
    • an ceart cúiseanna a bheith le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu.

    Ciallaíonn na cearta sin, ó dháta áirithe (an 21 Aibreán 1998 i leith Fhiontraíocht Éireann), gur féidir le daoine rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a shealbhaítear fúthu, is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.
     

    Conas a oibríonn Saoráil Faisnéise?

    Ceanglaítear leis an Acht go dtugann comhlachtaí poiblí freagra ar iarratais ón bpobal ar fhaisnéis atá ina seilbh. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh ar iarratas a thabhairt laistigh de 4 seachtaine tar éis dóibh é a fháil.
     

    Conas is féidir liom Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a chur faoi bhráid Fhiontraíocht Éireann?

    Ba cheart duit iarratas a sheoladh, i scríbhinn nó trí ríomhphost, chuig:
     

    Shirley Murray

    An Oifig Saorála Faisnéise, Cosanta Sonraí agus Caidreamh Rialtais 
    Fiontraíocht Éireann
    An Plaza 
    Páirc Ghnó an Phointe Thoir
    Baile Átha Cliath 3 

    FOIonline@enterprise-ireland.com
     

    Ba cheart go n-áireodh d’iarratas na nithe seo a leanas:

    • Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
    • An oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atá á lorg;
    • An fhormáid inar mian leat aon taifead a scaoiltear a fháil (e.g. fótachóipeanna).
       

    De rogha air sin, is féidir leat an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise – docan Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise – pdf a íoslódáil agus a chur chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise ag an seoladh thuas. Tabharfar freagra ar an iarratas tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis don oifigeach é a fháil.
     

    An dtiocfadh liom rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá á lorg agam?

    Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise:

    • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh Fhiontraíocht Éireann beag beann ar an am a cruthaíodh iad;
    • gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise (21 Aibreán 1998)
    • aon taifead atá riachtanach chun taifead reatha a thuiscint fiú má cruthaíodh é roimh an 21 Aibreán 1998;
    • taifid phearsanra na foirne ar seirbhís a cruthaíodh ón 21 Aibreán, 1995 agus iad siúd a cruthaíodh roimh an dáta sin nuair a úsáidtear iad nó a mbeartaítear iad a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar nó a d’fhéadfadh cur isteach ar an duine atá i gceist.
       

    D’fhonn gur féidir gnó Fhiontraíocht Éireann a stiúradh i gceart, áfach, uaireanta beidh sé riachtanach cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú ó scaoileadh i gcásanna áirithe. Tá na cásanna sin leagtha amach san Acht. I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann le:
     

    • Cruinnithe rialtais,
    • forfheidhmiú an dlí agus slándáil,
    • faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála,
    • faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh aige/aici).
       

    Féadfar iarratais a dhiúltú freisin má mheastar go bhfuil siad ró-thoirtiúil nó doiléir, ach tá dualgas ar Fhiontraíocht Éireann cabhrú leis an iarrthóir an fhadhb sin a shárú.
     

    An ngearrtar táille as faisnéis a fháil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise?

    Ní ghearrtar aon táille as iarratas a chur isteach. Maidir le hiarratais neamhphearsanta, féadfar táillí eile a ghearradh as an am a chaitear ag lorg taifead agus as aon chostas atáirgthe a thabhaíonn an Roinn chun an t-ábhar a iarradh a sholáthar duit (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála). Sa chás go bhfuil costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos lú ná €101 i gceist, ní ghearrtar aon táille. Sa chás go bhfuil costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos mó ná €500 ach níos lú ná €700 i gceist, beidh táille uasta de €500 le híoc. 

    Sa chás go bhfuil costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos mó ná €700 i gceist, is féidir leis an gcomhlacht diúltú don iarratas a phróiseáil.   Cuirfear sonraí na dtáillí iarbhír a bhaineann le d’iarratas in iúl duit i scríbhinn. Ba cheart íocaíocht a dhéanamh trí Ríomhaistriú Airgid. Déan teagmháil leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise le haghaidh sonraí bainc. Tá liosta de na táillí ábhartha leagtha amach anseo thíos:
     

    Liosta Táillí

    • Ní ghearrtar aon táille as iarratas a chur isteach
    • Cuardach agus Aisghabháil – €20 in aghaidh na huaire (d’iarratais atá thar an íosmhéid €100 i dtéarmaí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála), faoi réir na n-uasteorainneacha a luaitear thuas.
    • €0.04 an bhileog le haghaidh fótachóipe.
    • Táille ar athbhreithniú inmheánach €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis).
    • Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis).
       

    Nótaí:

    1. Níl aon táille i gceist mura bhfuil sna taifid lena mbaineann ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir, mura bhfuil líon suntasach taifead i gceist.
    2. Má tá táille iarratais laghdaithe á héileamh agat, ní mór uimhir chláraithe an Chárta Leighis agus ainm an Bhoird Sláinte eisiúna a bheith ag gabháil leis an iarratas, chomh maith le do thoiliú chun na sonraí sin a fhíorú leis an mBord Sláinte sin.
    3. Tá liosta iomlán táillí ar fáil arna iarraidh sin.
       

    Cé chomh luath agus is féidir le duine a bheith ag siúl le freagra agus iarratas ar thaifid á dhéanamh acu?

    Faoin Acht, ní mór iarratas ar thaifid a admháil laistigh de 2 sheachtain agus, i bhformhór na gcásanna, freagra a thabhairt air laistigh de 4 seachtaine. Sainmhínítear seachtain san Acht mar 5 lá seachtaine as a chéile, gan an Satharn agus laethanta saoire poiblí a áireamh (tá an Domhnach eisiata freisin toisc nach meastar gur lá seachtaine é). Má bhíonn tríú páirtí i gceist d’fhéadfadh go dtógfadh sé trí seachtaine eile chun freagra a eisiúint
     

    Cad a tharlóidh mura mbím sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas ar Shaoráil Faisnéise?

    Is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinnidh arna eisiúint ag Fiontraíocht Éireann ach scríobh chuig an Oifig Saorála Faisnéise, Fiontraíocht Éireann, An Plaza, Páirc Ghnó an Phointe Thoir, Baile Átha Cliath 3 agus Athbhreithniú Inmheánach ar an ábhar a lorg. Féadfaidh go ngearrfar táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) ar achomharc dá leithéid. Ní ghearrtar aon táille ar iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le faisnéis phearsanta maidir leat féin amháin nó le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.

    Ba cheart duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ón dáta freagartha (cé go bhféadfaí achomhairc dhéanacha a cheadú i gcúinsí áirithe). Is éard a bheidh i gceist leis an achomharc go ndéanfaidh ball níos sinsearaí d’fhoireann Fhiontraíocht Éireann athmhachnamh iomlán ar an ábhar. Cuirfear an cinneadh in iúl duit laistigh de 3 seachtaine
     

    Cad a tharlóidh mura mbím sásta leis an gcinneadh ar athbhreithniú inmheánach?

    Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh laistigh de shé mhí ach scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má dhéanann tú achomharc déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise an t-ábhar a fhiosrú agus a bhreithniú go hiomlán agus eiseoidh sé nó sí cinneadh nua. Ba cheart gach achomharc a sheoladh chuig:
     

    An Coimisinéir Faisnéise

    18 Sráid Líosain Íochtarach
    Baile Átha Cliath 2

    Guth: +353 1 639 5689
    Áitiúil:  1890 22 30 30
    Facs: +353 1 639 5674

    info@oic.ie

    Féadfaidh go ngearrfar táille €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) ar iarratas dá leithéid. Arís eile, ní ghearrtar aon táille ar achomharc a chuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta maidir leat féin amháin nó le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.
     

    An féidir liom cabhair a fháil chun iarratas a dhéanamh?

    Is féidir. Má theastaíonn aon chabhair uait, beidh an fhoireann san Aonad um Shaoráil Faisnéise sásta cabhrú leat chun d’iarratas a dhéanamh.
     

    An gá dom iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chun faisnéis a fháil ó Fhiontraíocht Éireann?

    Ní gá. Cuireann Fiontraíocht Éireann faisnéis ar fáil don phobal go rialta le bileoga faisnéise, le foilseacháin agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin. Leanfar ar aghaidh leis sin. Soláthraíonn Saoráil Faisnéise foinse bhreise faisnéise trí rochtain ar thaifid nach gcuirtear ar fáil go rialta a éascú.
     

    Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais ar Shaoráil Faisnéise?

    Tá tuilleadh eolais ar Shaoráil Faisnéise ar fáil ó:

     

    Shirley Murray

    An Oifig Saorála Faisnéise, Cosanta Sonraí agus Caidreamh Rialtais 
    Fiontraíocht Éireann
    An Plaza 
    Páirc Ghnó an Phointe Thoir
    Baile Átha Cliath 3 

    FOIonline@enterprise-ireland.com

     

    An Oifig Saorála Faisnéise

    An Coimisinéir Faisnéise
    18 Sráid Líosain Íochtarach,
    Baile Átha Cliath 2

    Guth:  +353 1 639 5689
    Áitiúil: 1890 253 238
    Facs: +353 1 639 5674

    info@oic.gov.ie
     

    Gheobhaidh tú faisnéis níos cuimsithí ar Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 anseo: www.foi.gov.ie

    Faisnéis ar fáil go rialta ó Fhiontraíocht Éireann

    Cineálacha taifead i seilbh Fhiontraíocht Éireann

    Cearta athbhreithnithe maidir le cinntí a dhéantar

Níl anseo ach roinnt de na hearnálacha a gcabhraímid leo

Féach na tacaíochtaí ar fad
Laoch Baile [Picture]_data
Ealaíona, Ceardaíocht agus Dearadh
Tacaíocht a thabhairt do na hearnálacha ealaíon, ceardaíochta agus dearaidh chun dul i mbun nuálaíochta agus fás go hidirnáisiúnta.
Laoch Baile [Picture]_data
Bia agus Deoch
Tacú le forbairt inbhuanaithe táirgeoirí bia nuálacha a bhfuil cáil dhomhanda orthu
Laoch Baile [Picture]_data
Fáilteachas agus Turasóireacht
Tacú le digitiú, le fás inbhuanaithe agus le líonrú san earnáil fáilteachais agus turasóireachta.
Laoch Baile [Picture]_data
Miondíol
Tacaíocht a thabhairt do mhiondíoltóirí chun bheith níos iomaíche agus athléimní agus chun onnmhairiú go hidirnáisiúnta