Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Clinicí Comhairle Gnó

Coinne chlinic duine le duine le comhairleoirí gnó a bhfuil taithí acu

Tá cruinniú rúnda le Comhairleoir Gnó ar fáil dóibh siúd a bhfuil fiontar gnó acu. Soláthróidh an cruinniú sin comhairle agus sonraí ginearálta ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil, chomh maith le treoracha chuig tacaíochtaí agus deiseanna eile de chuid an Rialtais le bheith páirteach in imeachtaí suaitheanta an líonra OFÁ amhail an Sráidbhaile Fiontraíochta ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta nó ár Zón Fiontraíochta ag Showcase. 

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht reatha ag feidhmiú in Éirinn 

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha


Cad a fhaigheann tú?

  • Is coinní 30 nóiméad iad na clinicí comhairle, a chuirtear ar fáil saor in aisce. 
  • Reáchtáiltear clinicí ar bhonn duine le duine lenár gcomhairleoirí gnó a bhfuil taithí acu.

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Is minic gurb iad na clinicí an chéad áit dóibh siúd atá ag smaoineamh ar ghnólacht a bhunú nó dóibh siúd a bhfuil gnólacht acu cheana féin agus atá ag céim ina dteastaíonn treoir agus comhairle éigin.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine