Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Fionnachtain Dhigiteach

Plean digiteach a fhorbairt agus teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach

Chun bheith iomaíoch i margadh an lae inniu, ní mór do ghnólachtaí a thuiscint cad is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach a thairiscint. Spreagann agus tacaíonn an deontas seo le cuideachtaí teicneolaíochtaí digiteacha agus réitigh nua a thabhairt isteach ina gcuid oibríochtaí. An toradh ná éifeachtúlacht níos fearr, eispéiris fheabhsaithe do chustaiméirí, cinnteoireacht níos fearr, agus cumas feabhsaithe táirgí níos fearr agus níos éagsúla a thabhairt chuig an margadh

Cé atá incháilithe?

Cuideachtaí atá ag iarraidh teicneolaíochtaí digiteacha nua a thabhairt isteach ina ngnó chun éifeachtúlacht a mhéadú, seirbhísí a fheabhsú agus eispéireas custaiméara níos fearr a chruthú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú

  • Tá do ghnólacht a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe aige faoi úinéireacht Éireannach agus oibríonn sé sna hearnálacha seirbhísí trádála/déantúsaíochta idirnáisiúnta.

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

Maoiniú deontais suas le 80% go huasmhéid de €5,000


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Anailís ar chórais dhigiteacha, sonraí nó uathoibrithe atá sa ghnólacht cheana féin chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le freastal ar riachtanais ghnó a shainaithint
  • Iniúchadh ar dheiseanna chun na córais atá ann cheana a bharrfheabhsú agus chun comhtháthú le réitigh nua chun oibríochtaí gnó a fheabhsú
  • Treoir maidir le réitigh dhigiteacha, sonraí, uathoibrithe nó IS nua nó fheabhsaithe a chur chun feidhme.
  • Deiseanna a aithint chun na córais dhigiteacha atá ann cheana a fheabhsú

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine