Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Cairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige

Tiomantais maidir le lucht saothair atá níos cuimsithí

Soláthraíonn an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige creat chun comhoibriú le fostóirí chun tacú le cuardaitheoirí poist óga agus grúpaí tosaíochta eile agus iad a spreagadh chun a gcuid eolais, scileanna agus taithí a fhorbairt chun a n-infhostaitheacht a fheabhsú.

 

Cé atá incháilithe?

Fostóirí ar mian leo a bheith mar chuid de phobal níos leithne de ghnólachtaí a aithníonn an luach a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ndaoine eile agus leas a bhaint as luach na tallainne nár baineadh leas as.


Cad a fhaigheann tú?

Trí chlárú don Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige, is féidir le gnólachtaí a bheith mar chuid de phobal ar féidir lena bhail:

  • leas a bhaint as fóirdheontais stáit agus as dreasachtaí chun cuardaitheoirí poist nua a earcú, agus comhairle agus tacaíocht á gcur ar fáil ag foireann Intreo
  • scóip na hearcaíochta a leathnú agus a fhorbairt trí rochtain a fháil ar raon leathan agus raon éagsúil iarrthóirí
  • a bheith mar chuid de phobal fostóirí freagracha agus cuimsitheacha a chuireann deiseanna ar fáil do chuardaitheoirí poist a d’fhéadfadh a bheith ag streachailt le post a fháil
  • feasacht a ardú ar a n-eagraíocht agus ar a n-earnáil ag leibhéal áitiúil/pobail
  • freagracht shóisialta chorparáideach a fhorbairt ina ngnólacht nó ina n-eagraíocht

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá scoite amach ón margadh saothair chun cabhrú leo forbairt a dhéanamh i dtreo na hinfhostaitheachta, agus leas á bhaint as linn mhór éagsúil tallainne.


Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine