Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Ciste Réamhshíolta do Ghnólachtaí Nuathionscanta

Tacú le cuideachtaí luathchéime na príomhspriocanna teicniúla agus tráchtála a bhaint amach

Is clár deontais é an Ciste Réamhshíolta do Ghnólachtaí Nuathionscanta de chuid Fhiontraíocht Éireann a sholáthraíonn suas le €100,000 do chuideachtaí nuathionscanta luathchéime chun cabhrú leo a gcuid táirgí nó seirbhísí a fhorbairt agus garspriocanna tábhachtacha a bhaint amach

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá Táirge Inmharthana Íosta agat nó tá tú sa chéim Béite agus tá bailíochtú custaiméara luath inléirithe agat.
  • Tairiscint bhailíochtaithe do chustaiméirí agus an taighde margaidh déanta.
  • Tá fianaise ar nuálaíocht, ar acmhainneacht idirnáisiúnta agus ar acmhainn fostaíochta agat
  • Is cuideachta luathchéime thú sna hearnálacha Déantúsaíochta agus Seirbhísí a Thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Is cliant reatha nó cliant ionchasach thú de chuid Aonad Nuathionscanta Ardacmhainne Fhiontraíocht Éireann

Cad a fhaigheann tú?

  • Infheistíocht €50k nó €100k i bhfoirm ionstraim nóta iasachta in-chomhshóite
  • Tacaíocht ó Chomhairleoir Forbartha de chuid Fhiontraíocht Éireann
  • 10 seisiún meantóireachta trí phainéal meantóirí Fhiontraíocht Éireann
  • Rochtain ar Ionad Taighde Margaidh Fhiontraíocht Éireann chun léargas a fháil ar earnálacha an mhargaidh 

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Spreagadh a thabhairt d’fhás cuideachtaí nuathionscanta luathchéime a bhfuil an cumas agus an uaillmhian acu éirí leo ar mhargaí domhanda.
  • A chur ar chumas cuideachtaí costais oibriúcháin na bpríomhthascanna a chlúdach lena n-áirítear réiteach réidh don mhargadh a fhorbairt, tástáil táirgí sa mhargadh, agus tacair scileanna ríthábhachtacha a fhorbairt i measc bhail na bhfoirne nuathionscanta.
  • Costais a bhaineann le forbairt an phlean gnó a chumhdach agus príomhspriocanna teicniúla, tráchtála agus tiomsaithe airgid a chur chun cinn.
  • Costas tuarastal, taistil agus táillí comhairleoireachta a chumhdach 

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine