Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann an t-údarás saineolach maidir le dícharbónú chóras fuinnimh na hÉireann, agus úsáideann sé sonraí láidre oibiachtúla agus cur chuige atá bunaithe ar fhianaise chun cuidiú le forbairt beartais agus iompraíochtaí úsáideoirí fuinnimh a threorú. Cuireann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ar chumas gnólachtaí, teaghlach, tiománaithe agus na hearnála poiblí bogadh ar aghaidh ó bhreoslaí iontaise trí chomhairle phraiticiúil agus tacaíochtaí airgeadais a chur ar fáil. Spreagaimid athruithe dearfacha ar an mbealach a úsáideann Éire fuinneamh chun timpeallacht níos rathúla, níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos glaine a chruthú.
- Deontais agus tacaíochtaí Gnó
