Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Mol Tacaíochta Gnó

Sainchomhairle a fháil faoi ghnólacht turasóireachta a reáchtáil in Éirinn

Áirítear leis an raon leathan acmhainní ar líne seo treoracha féinchabhrach, áireamháin acmhainní gnó agus airgeadais, teimpléid, comhairle agus rochtain ar oiliúint. Faigh rochtain ar léargais, ar threochtaí, ar an taighde agus na tuarascálacha turasóireachta is déanaí, agus ar shainchomhairle, rudaí a forbraíodh i gcomhairle le saineolaithe tionscail chun freastal ar do chuid riachtanas.

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí ar mian leo a gcumas gnó, a bhfeidhmíocht agus a scileanna foirne a fhorbairt chun fanacht iomaíoch agus/nó fás.

D’fhéadfá a bheith incháilithe más gnólacht thú atá ag feidhmiú i dtionscal fáilteachais agus turasóireachta na hÉireann, mar shampla:

  • soláthraí lóistín (óstáin, leaba is bricfeasta, iostas féinfhreastail)
  • bialann nó caifé
  • soláthraí gníomhaíochta (turais, nithe is díol spéise, gníomhaíochtaí eachtraíochta)
  • gnólachtaí a bhaineann le turasóireacht (iompar, miondíol, eispéiris chultúrtha, pleanáil féile)

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Treoracha féinchabhrach saor in aisce, ar gach gné de ghnólacht rathúil turasóireachta a reáchtáil, a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta.
  • Rochtain ar acmhainní, ar áireamháin ghnó agus airgeadais, agus ar theimpléid, rudaí arna bhforbairt ag na saineolaithe ábhar is fearr
  • Comhairle agus oiliúint leis na hoiliúnóirí agus saineolaithe ábhair is fearr.
  • Léargais, treochtaí agus an taighde agus na tuarascálacha turasóireachta is déanaí a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le comhairleoirí idirnáisiúnta agus comhlachtaí taighde
  • I measc na dtacaíochtaí tá: margaíocht, digiteach, díolacháin – ar líne agus as líne, airgeadas, bainistíocht ioncaim agus costas, acmhainní daonna, bainistíocht daoine, feidhmíocht oibriúcháin, inbhuanaitheacht chomhshaoil, inrochtaineacht agus cuimsiú, seirbhís do chustaiméirí, ceannaireacht, bainistíocht daoine agus forbairt phearsanta
  • Eolas breise ar scéimeanna tacaíochta, deiseanna maoinithe, acmhainní oiliúna agus forbartha, agus deiseanna líonraithe.

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Tacaíocht agus maoiniú rialtais a aimsiú do raon leathan gníomhaíochtaí ó fheachtais mhargaíochta go dtí infheistíocht i dtrealamh nua.
  • Teagmháil a dhéanamh le saineolaithe a thairgeann tacaíocht agus treoir shaincheaptha.
  • Feabhas a chur ar scileanna agus ar fheidhmíocht le cúrsaí oiliúna ar ábhair mar sheirbhís do chustaiméirí, margaíocht dhigiteach, cleachtais inbhuanaitheachta, acmhainní daonna, comhlíonadh oibleagáidí fostóra agus bainistíocht agus forbairt daoine.
  • Do ghnólacht a thagarmharcáil in aghaidh caighdeáin tionscail agus an t-eolas is déanaí a fháil faoi threochtaí tionscail.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine