Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Deontais agus Maoiniú

Tacaíocht Deontais agus Mhaoinithe do Ghnólachtaí Turasóireachta

Tugann Fáilte Éireann tacaíocht d’fhorbairt turasóireachta in Éirinn trí straitéis infheistíochta, atá mar bhonn faoinár n-infheistíocht go léir i dtionscadail chaipitil turasóireachta ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon, lena n-áirítear gach scéim deontais agus comhpháirtíocht straitéiseach, chun acmhainneacht na hÉireann mar cheann scríbe turasóireachta den chéad scoth a chur chun cinn.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá do ghnólacht cláraithe go hoifigiúil agus ag feidhmiú i bPoblacht na hÉireann. Beidh ort a bheith cáin-chomhlíontach freisin.
  • Díríonn do ghnólacht ar thurasóirí nó soláthraíonn sé táirgí, seirbhísí nó eispéiris a bhaineann le turasóireacht nó fáilteachas.
     

 


Cad a fhaigheann tú?

  • Tacaíocht shaincheaptha agus comhairle infheistíochta do ghnólachtaí turasóireachta ó fhoireann saineolaithe, chun meantóireacht a dhéanamh ar do ghnólacht agus chun cabhrú leat plean gníomhaíochta saincheaptha a fhorbairt, a ligfidh do do ghnólacht a bheith níos inbhuanaithe. 

Soláthróirí Cóiríochta:

  1. Ní mór do sholáthróirí cóiríochta reatha nó pleanáilte a bheith cláraithe nó faofa faoi Chreat Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta Fáilte Éireann.
  2. Ní mór do chineálacha sonracha cóiríochta (óstáin, tithe aíochta, etc.) clárú mar Sholáthróirí Cóiríochta Reachtúla le Fáilte Éireann.
  3. Ní mór do chineálacha eile cóiríochta (leaba is bricfeasta, tithe stairiúla, etc,) a bheith faofa mar Sholáthróirí Cóiríochta Neamhreachtúla.

Is treoirlínte ginearálta iad sin. D’fhéadfadh go mbeadh critéir bhreise i gceist le cláir mhaoinithe.


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Éagsúlacht níos leithne d’eispéiris ar ardchaighdeán a chur ar fáil 
  • Cleachtais inbhuanaithe a spreagadh
  • Tréimhsí turasóireachta a shíneadh agus cur leis an séasúr turasóireachta
  • Turasóireacht a dhéanamh níos inrochtana
  • Poist a chruthú agus borradh a chur faoin ngeilleagar

Déan teagmháil linn