Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Athbhreithniú Creidmheasa

Cabhair chun creidmheas a fháil

Soláthraíonn an tacaíocht seo próiseas simplí, éifeachtach athbhreithnithe creidmheasa agus achomharc d’úinéirí gnó ar diúltaíodh creidmheas dóibh ó bhainc rannpháirteacha.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá micreaghnólacht, gnólacht beag nó meánmhéide, nó feirm agat
  • Tá d’iarratas le AIB/BOI nó PTSB
  • Diúltaíodh, laghdaíodh nó tarraingíodh siar do shaoráid chreidmheasa, nó d’iarratas ar athstruchtúrú iasachta, le 28 lá anuas
  • Tá d’iarratas ar shaoráidí creidmheasa idir €1,000 agus €3 mhilliún

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Tar éis do chuid sonraí a fháil iarrann Athbhreithniú Creidmheasa ar do bhanc an staid a shoiléiriú agus a mhíniú go mion cén fáth ar diúltaíodh saoráidí creidmheasa, ar laghdaíodh iad nó ar tarraingíodh siar iad
  • San Athbhreithniú dírítear ar inmharthanacht iomlán do ghnólachta agus ar a chumas an iasacht a aisíoc
  • Déanann Athbhreithniú Creidmheasa tuairim shaineolach ar chinneadh creidmheasa an bhainc, agus déanann sé moltaí don iasachtaí agus don bhanc
  • Ní mór don bhanc cloí le moltaí an Athbhreithnithe Creidmheasa, nó a mhíniú cén fáth nach bhfuil sé sásta an creidmheas a réamhíoc
  • Sa chás nach féidir le hAthbhreithniú Creidmheasa tacú leis an iarratas ar chreidmheas ag an am seo molfaidh sé treochlár chun a chinntiú go n-éireoidh leis an ngnólacht in iarratais chreidmheasa amach anseo

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Cabhrú le do ghnólacht chun an creidmheas atá uait a fháil. In 80% de na cásanna a dtugtar tacaíocht dóibh, cloíonn na bainc le moltaí Athbhreithnithe Creidmheasa agus cuireann siad áiseanna creidmheasa ar fáil. 


Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine