Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Deontais Chaipitil

Cabhair airgeadais chun infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní tosaigh

Soláthraíonn an tacaíocht seo cúnamh do ghnólachtaí a dhéanann infheistíocht tosaigh i ‘sócmhainní ábhartha’ amhail foirgnimh nó trealamh, nó ‘sócmhainní neamhábhartha’ amhail aistriú teicneolaíochta trí chearta paitinne, ceadúnais, fios gnó nó eolas teicniúil gan phaitinn a fháil.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Deontais chaipitil chun cabhrú le do chostais infheistíochta tosaigh

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Infheistíocht tosaigh i sócmhainní ábhartha agus neamhábhartha.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine