Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Scéim Scileanna Taighde Margaidh a fhorbairt

Foghlaim conas taighde margaidh a dhéanamh chun leathnú chuig margaí nua

Is féidir an tacaíocht seo a úsáid chun cabhrú leis na costais inmheánacha a chumhdach, a bhaineann le deiseanna nua margaidh a iniúchadh.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

Cabhair airgeadais chun scileanna margaíochta a fhorbairt agus chun taighde a dhéanamh ar mhargaí nua do do tháirgí agus do sheirbhísí.


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Costas phá na bhfostaithe ar an gclár margaíochta
  • Taisteal agus cothú
  • Costais inmheánacha trialacha margaidh nua do tháirgí/seirbhísí

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine