Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Clár Sármhaitheasa Fostóra

Fás gnó, rannpháirtíocht fostaithe, agus branda fostóra níos láidre a spreagadh trí fhorbairt straitéiseach agus infheistíocht a dhéanamh i ndaoine

Clár straitéiseach forbartha gnó agus infheistíocht i ndaoine 3 bliana, a thacaíonn leat rannpháirtíocht agus feidhmíocht fostaithe níos fearr a thógáil agus cáil bhranda an Fhostóra a neartú. 

Cé atá incháilithe?

  • Oscailte do gach gnólacht turasóireachta agus fáilteachais in Éirinn a sholáthraíonn eispéireas turasóireachta nó a dhéanann táirge a fhreastalaíonn ar chuairteoirí intíre agus/nó idirnáisiúnta. 

  • Caithfidh cúigear a bheith fostaithe ag gnólachtaí incháilithe freisin.

     

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Suirbhé neamhspleách bliantúil faoi rún ar rannpháirtíocht foirne ina bhfuil léargais shaibhre chun eolas a dhéanamh d’úinéireacht chomhroinnte ar ghníomhartha feabhsúcháin ar fud an ghnólachta
  • Clár struchtúrtha tacaíochta chun rannpháirtíocht fostaithe a fheabhsú, tacú lena bhforbairt agus Rannpháirtíocht agus Feidhmíocht Fostaithe a neartú.
  • Raon uirlisí oiliúna agus forbartha fostaithe chun scileanna bainistíochta daoine agus scileanna cumarsáide a fheabhsú i measc bainisteoirí agus ceannairí foirne 
  • Rochtain ar Shaineolas chun tacú le gnólachtaí rannpháirteacha forbairt slite gairme sa Tionscal a neartú, agus do thairiscint Branda Fostóra agus do chlú mar Fhostóir Sármhaith á bhforbairt
     

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Cáil bhranda d’fhostóra a fheabhsú 
  • Sástacht na bhfostaithe a fheabhsú as a dtiocfaidh feabhas ar sheirbhís do chustaiméirí agus ar eispéireas cuairteoirí 
  • Cur le scileanna an lucht bainistíochta trí oiliúint den scoth um bainistiú daoine 
  • Plean gníomhaíochta sainoiriúnaithe a fhorbairt chun straitéis AD agus rannpháirtíocht fostaithe do ghnólachta a threorú
  • Teacht ar thacaíocht leanúnach agus ar acmhainní arna gcur ar fáil ag saineolaithe AD chun cabhrú le hathrú i do ghnólachta a spreagadh agus a chur i bhfeidhm

Déan teagmháil linn