Conas is féidir linn cabhrú?
Spreagann an scéim seo gnólachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail éifeachtúlachta fuinnimh trí Chonarthaí Feidhmíochta Fuinnimh (CFFanna) chun torthaí ráthaithe ar chostas níos ísle a bhaint amach.
Ciallaíonn Conradh Feidhmíochta Fuinnimh (CFF) go ndéanann conraitheoir d’ionad gnó a uasghrádú chun fuinneamh a choigilt agus go ngeallann sé coigilteas duit. Íocann tú na costais ar ais leis an gconraitheoir leis an airgead a shábháiltear le himeacht ama. Má shábhálann tú níos lú ná mar a gealladh, íocann an conraitheoir an difríocht, rud a chinntíonn go mbainfidh tú leas as an scéim.
Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.
*Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine