Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Córais Monatóireachta agus Rianaithe Fuinnimh – Údarás

Úsáid fuinnimh a rianú agus do lorg carbóin a laghdú

Tugann an ciste seo tacaíocht do do ghnólacht chun na córais a chur i bhfeidhm chun do bhillí fuinnimh a ísliú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Cabhraíonn sé le gnólachtaí an méid fuinnimh atá á úsáid acu a thabhairt faoi deara agus tuiscint a fháil ar na háiteanna inar féidir leo gearradh siar agus éirí níos inbhuanaithe.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú 
  • Fhostaíonn tú deichniúr ar a laghad a oibríonn go lánaimseartha 
  • Tá tú i mbun gnó le cúig bliana anuas ar a laghad

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Maoiniú suas le €50,000 chun íoc as leath de na costais, suas le €100,000.

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Ceannach agus suiteáil méadar nua (do leictreachas, gás, uisce, ola, etc).

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine