Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Scéim Infheistíochta Cothromais

Infheistíocht mar mhalairt ar scair i do ghnólacht

Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil duit chun do ghnólacht a fhorbairt agus é sa chéim leathnaithe, mar mhalairt ar ghnáthscair i do ghnólacht.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht
  • Tá plean gnó cuimsitheach agat


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Infheistíocht airgeadais mar mhalairt ar ghnáthscair

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Maoiniú a chur ar fáil chun cabhrú leat do ghnólacht a fhorbairt agus a leathnú

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine