Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

GreenPlus – Údarás

Bí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus forbair scileanna na foirne

Leis an deontas inbhuanaitheachta GreenPlus, is féidir leat do ghnólacht a dhéanamh níos glaise ach beartas comhshaoil a fhorbairt atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. Cabhraíonn sé le gnólachtaí a bpáirt a ghlacadh chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú. 

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí a bhfuil tionscnaimh inbhuanaitheachta reatha acu agus atá ag iarraidh tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i samhlacha, táirgí agus seirbhísí gnó inbhuanaithe, agus oiliúint a chur ar an bhfoireann chun feidhmíocht chomhshaoil a n-eagraíochta a fheabhsú.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin 
  • Is cliant ionchasach d’Údarás na Gaeltachta thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • 50% de chostais incháilithe an tionscadail suas le huasmhéid de €100,000 (deontas €50,000).
  • De ghnáth maireann na tionscadail 12 mhí 

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Tionscadail inbhuanaitheachta amhail:

  • Oiliúint bainistíochta comhshaoil
  • Comhairleoir comhshaoil a fhostú
  • Cúrsaí oiliúna seachtracha
  • Cuid den chostas tuarastail le haghaidh suas le 10 mball foirne atá ag obair mar chuid den fhoireann ghlas a chumhdach.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine