Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Líonra Foghlama Turasóireachta Chiste an AE um Aistriú Cóir

Clár foghlama le haghaidh turasóireachta atá níos inbhuanaithe

Ní hamháin teorainn a chur le damáiste don chomhshaol atá i gceist le turasóireacht athghiniúna, ach baineann buntáistí dearfacha don dúlra, do ghnáthóga, don phobal agus d’áiteanna léi freisin. Is clár foghlama comhoibríoch dhá bhliain é Clár Líonra Foghlama Turasóireachta an Aistrithe Chóir a ceapadh chun tacú le forbairt na turasóireachta athghiniúna laistigh de Chríoch um Aistriú Cóir an AE in Éirinn.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá gnólacht turasóireachta á bhunú nó á leathnú agat 
  • Tá tú lonnaithe i gcríoch um Aistriú Cóir an AE. 
  • Tá tú ag aistriú go gairm sa turasóireacht ó fhostaíocht le Bord na Móna nó ESB Networks, tar éis duit a bheith fostaithe roimhe seo ag na tionscnaimh náisiúnta sin i dtáirgeadh móna nó giniúint leictreachais a bhain úsáid as breoslaí iontaise.
     

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Athosclaíonn iarratais ar léirithe spéise d’Iontráil 2 i Meán Fómhair 2024.


Cad a fhaigheann tú?

Clár foghlama agus forbartha dhá bhliain a chuimseoidh imeachtaí foghlama agus líonrú i bpearsa chomh maith le ceardlanna beo ar líne. Foghlaim idir piaraí agus treoir agus tacaíocht do do riachtanais forbartha gnó ar leith faoi stiúir saineolaithe tionscail, le foghlaim struchtúrtha ar líne.


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Tírdhreach na turasóireachta, comhpháirtithe sa slabhra soláthair agus deiseanna gníomhaireachta a thuiscint chun tacú le do ghnólacht a chur chun cinn.
  • Na scileanna agus an t-eolas a fhorbairt chun do ghnólacht a dhéanamh níos inbhuanaithe. 
  • An dóigh a aithint inar féidir le do ghnólacht cur le cuspóirí turasóireachta athghiniúna Scéim Turasóireachta Athghiniúna agus Comhfhorbartha Áite an Aistrithe Chóir de chuid an AE.
  • Turasóireacht inrochtana a thuiscint agus foghlaim conas gnólacht níos cuimsithí a chruthú.
  • Foghlaim conas do ghnólacht a fhás trí do láithreacht ar líne a neartú agus teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt isteach. 
  • Rath fadtéarmach a chinntiú trí chabhrú leat do ghnólacht a fhorbairt nó a leathnú.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine