Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Knowledge Transfer Ireland – Údarás

Teacht ar eolas agus ar thaighde chun táirgí nó seirbhísí nua a thabhairt chuig an margadh

Tugann Knowledge Transfer Ireland eolas gnó agus saineolas taighde le chéile, agus maoiníonn sé comhthionscadail taighde, ceardlanna agus imeachtaí chun comhoibriú agus malartú eolais a chur chun cinn

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí Éireannacha atá ag iarraidh a gcuid táirgí agus seirbhísí a fheabhsú agus a bheith níos iomaíche i margaí domhanda.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin
  • Is cliant ionchasach d’Údarás na Gaeltachta thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide no mór á fheidhmiú agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Cabhair chun do ghnólachtaí a ailíniú leis na hinstitiúidí taighde ábhartha
  • Maoiniú do thionscadail chomhoibríocha taighde
  • Treoir agus tacaíocht do ghnólachtaí agus d’institiúidí taighde le linn an phróisis chomhoibrithe

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Teacht ar eolas agus saineolas nua chun nuálaíocht a spreagadh trí thaighde, trí chomhoibriú agus trí chomhairliúchán
  • Teicneolaíochtaí nua agus maoin intleachtúil a bhaineann le do ghnólacht a aithint agus a cheadúnú
  • Úsáid a bhaint as áiseanna agus trealamh den scoth chun do ghnólacht a fhás

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine