Conas is féidir linn cabhrú?
Ó seoladh LEADER in 1991, tá na hacmhainní curtha ar fáil aige do phobail tuaithe ar fud an AE chun cur ar chumas comhpháirtithe áitiúla páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt áitiúil a gceantar, trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail. Glacann an Clár um Fhorbairt Tuaithe 2023–2027 le hiarratais atá bunaithe ar thionscadail a fheabhsaíonn:
• Forbairt Eacnamaíoch agus Cruthú Fostaíochta
• Bonneagar Tuaithe agus Cuimsiú Sóisialta
• Forbairt Inbhuanaithe na Timpeallachta Tuaithe agus Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don athrú sin
Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.
*Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine