Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Iasacht Sreabhaidh Airgid

Iasacht ar chostas íseal chun tacú le sreabhadh airgid

Is iasacht ar scála beag é seo chun tacú le do ghnólacht a reáchtáil ó lá go lá. 

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht seanbhunaithe agat
  • Tá níos lú ná deichniúr fostaithe lánaimseartha ag do ghnólacht
  • Tá láimhdeachas bliantúil níos lú ná €2 mhilliún ag do ghnólacht
  • Bhí sé deacair ar do chuideachta airgead a fháil ar iasacht ó na bainc
  • Tá cónaí ort in Éirinn

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Iasachtaí ó €2,000 – €50,000
  • 6.5% APR – Ráta níos ísle de 5.5% APR má dhéanann tú iarratas tríd an Oifig Fiontair Áitiúil
  • Tacaíonn sé le sreabhadh airgid agus reáchtáil gnó ó lá go lá
  • Gan aon táille/gan aon chostas folaithe/aisíocaíochtaí seasta
  • Meantóireacht Saor in Aisce – nuair a mheastar go bhfuil a leithéid cuí
  • Téarmaí iasachta suas le 3 bliana

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Tacaíonn sé le sreabhadh airgid agus le costais reatha an ghnólachta ó lá go lá.


Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine