Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Scéim Iasachta Fáis agus Inbhuanaitheachta

Iasachtaí ar chostas íseal le haghaidh fáis, athléimneachta agus inbhuanaitheachta

Cuireann an tacaíocht seo iasachtaí suas le €3 mhilliún ar fáil. Is féidir na hiasachtaí sin a úsáid chun infheistíochtaí fadtéarmacha a dhéanamh i dtrealamh, in áitribh, i nuálaíocht próisis nó i dtaighde agus i bhforbairt.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá cuideachta meánchaipitlithe bheag agat (Ciallaíonn cuideachta meánchaipitlithe bheag fiontar nach FBM é agus a fhostaíonn níos lú ná 500 duine)

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Iasachtaí ar ús íseal ó €25,000 go €3 mhilliún 
  • Rogha iasachtaí neamhurraithe suas le €500,000
  • Is é 10 mbliana an téarma uasta iasachta
  • Lascaine bhreise ar iasachtaí le haghaidh gníomhaíochta aeráide agus cuspóirí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Do ghnólacht a mhéadú trí oibríochtaí a leathnú nó trí dhul isteach i margaí nua
  • Athléimneacht a thógáil trí infheistíocht a dhéanamh in uasghrádú teicneolaíochta nó forbairt scileanna 
  • Bearta nó teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh a thabhairt isteach

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine