Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Clár Cúnaimh Margaíochta

Tacaíocht airgeadais a fháil do raon gníomhaíochtaí margaíochta

Tacaíonn an clár seo le táirgeoirí bia, dí agus gairneoireachta na hÉireann fás a spreagadh agus dul isteach i margaí nua trí dheontais a sholáthar do raon gníomhaíochtaí margaíochta.

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí bia nó dí a dteastaíonn cabhair uathu chun na costais a bhaineann le margaíocht, le taighde agus le dul isteach i margaí idirnáisiúnta nua a chumhdach.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Bhord Bia thú
  • Tá láimhdeachas idir €100,000 agus €3.5 milliún agat

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

Tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí áirithe margaíochta.


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Rannpháirtíocht in aontaí trádála agus i dtaispeántais
  • Comhairliúchán margaíochta, fócasghrúpaí agus tuarascálacha foilsithe
  • Oiliúint, cúrsaí agus seimineáir ar an margaíocht
  • Dearadh agus tionscnamh pacáistíochta, lipéad, ábhar díolphointe agus/nó bróisiúr
  • Forbairt suímh ghréasáin
  • Costais comhairleachta cáilíochta, oiliúna agus iniúchta
  • Anailís ar chothaithigh
  • Cuairteanna taighde margaidh agus ócáidí blaiste ar an láthair.



*Is le haghaidh cliant-chuideachtaí Bhord Bia amháin an tacaíocht seo. Chun bheith mar chliant-chuideachta Bhord Bia agus chun leas a bhaint as na tacaíochtaí seo, seol Foirm Iarratais Cliant atá ar fáil anseo: Foirm chlárúcháin agus déanfaidh an fhoireann Rannpháirtíochta Cliant measúnú aonair ar an iarratas

Chun bheith mar chliant Bhord Bia, ní mór do chuideachtaí láimhdeachas de níos mó ná €100k a bheith acu agus monarú in Éirinn. Is féidir rochtain ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí sonracha a theorannú ag brath ar éileamh agus infhaighteacht. Tá ranníocaíocht 50% ag teastáil le haghaidh cuid de na tacaíochtaí

Éilíonn an chuid is mó de na tacaíochtaí go mbeidh cuideachtaí ina mbaill fhíoraithe de chuid Origin Green le bheith incháilithe chun leas a bhaint as an tacaíocht. Chun tuilleadh faisnéise a iarraidh, déan teagmháil le Bord Bia ar info@bordbia.com


Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine