Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Lean for Global Business Services de chuid Fhiontraíocht Éireann

Prionsabail dhigiteacha agus na Barainne le haghaidh seirbhísí

Cuireann an deontas seo oiliúint agus tacaíocht ar fáil do chuideachtaí seirbhísí atá ag iarraidh prionsabail ghnó bharainneacha agus uathoibrithe a ghlacadh chun feidhmíocht agus iomaíochas a mhéadú

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá tú i do chliantchuideachta de chuid an GFT atá i mbun seirbhísí comhroinnte nó gnó domhanda atá ag onnmhairiú.

Cad a fhaigheann tú?

Soláthraíonn an tacaíocht seo cúnamh deontais suas le 50% go huasmhéid €30,000 chun oiliúint a chur ar sheaimpíní inmheánacha i gcleachtais bharainneacha agus uathoibrithe chun oibríochtaí den scoth a chruthú in Éirinn.


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Cabhraíonn an clár ‘Lean for GBS’ le cuideachtaí atá ann cheana féin coigilteas agus feabhsuithe a bhaint amach agus breisoiliúint a chur ar an bhfoireann trí dhigitiú agus uathoibriú a thabhairt isteach chun cuíchóiriú a dhéanamh ar sheirbhísí.


Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine