Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

An Cláir Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide

Treoir agus pleanáil straitéiseach do ghnólachtaí turasóireachta le bheith níos inbhuanaithe agus costais a ghearradh.

Is clár ilbhliantúil forbartha straitéisí agus infheistíochta é an Clár Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide do ghnólachtaí Turasóireachta agus Fáilteachais, clár chun inbhuanaitheacht na ngnólachtaí a fheabhsú agus a gcostais oibriúcháin a laghdú ag an am céanna. 

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá gnólacht turasóireachta seanbhunaithe (úinéirí/bainisteoirí) agat a bhfuil imréiteach cánach agus suíomh fisiciúil in Éirinn aige
  • Caithfidh an gnólacht a bheith ag freastal go soiléir ar chuairteoirí intíre/idirnáisiúnta
  • Caithfidh an gnólacht a bheith ag caitheamh €10,000+ in aghaidh na bliana ar fhuinneamh (gan iompar san áireamh), agus caithfidh sé a bheith tiomanta don inbhuanaitheacht.

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Tacaíocht shaincheaptha agus comhairle infheistíochta do ghnólachtaí turasóireachta ó fhoireann saineolaithe chun meantóireacht a dhéanamh ar do ghnó agus chun cabhrú leat plean gníomhaíochta saincheaptha a fhorbairt.
  • Déanfaidh Comhairleoir tiomnaithe measúnú ar shonraí bonnlíne reatha do ghnó agus forbróidh sé plean gníomhaíochta saincheaptha chun d’astuithe carbóin a laghdú agus dintiúir inbhuanaitheachta foriomlán do ghnó a fheabhsú.
  • Treoir maidir le rochtain ar dheontais agus iasachtaí ar ús íseal atá oiriúnach do ghnólachtaí turasóireachta.
  • Comhairle ar dheimhniúchán inchreidte le treoir maidir le rochtain a fháil ar an gClár Uile-Oileáin um Dhearbhú Inbhuanaitheachta chun d’inbhuanaitheacht a chur in iúl agus a chur chun cinn.

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Anailís inbhuanaitheachta iomlán a fháil chun eolas a dhéanamh do do straitéis agus spriocanna inbhuanaitheachta sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus iad a bheachtú.
  • Plean gníomhaíochta saincheaptha a fhorbairt chun cur le hinbhuanaitheacht do ghnólachta.
  • Costais a laghdú agus fuinneamh, uisce agus dramhaíl a choigilt.  
  • Treoir shaineolach a fháil, le tacaíocht leanúnach ó shainchomhairleoir tiomnaithe chun treoir a thabhairt maidir le do phlean, feabhsuithe agus cinntí infheistíochta, chomh maith le heolas maidir leis an dóigh agus an áit inar féidir leat teacht ar thacaíochtaí maoinithe chun costais laghdaithe agus astuithe carbóin laghdaithe a spreagadh
  • Clú do ghnólachta a fheabhsú agus a iomaíochas a spreagadh 

Déan teagmháil linn