Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Creidmheas Cánach Corparáide Taighde agus Forbartha (T&F)

Creidmheas cánach le haghaidh caiteachais ar ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha (T&F)

Is féidir leis an gCreidmheas Cánach T&F cabhrú le do ghnólacht tabhairt faoi thionscadail taighde agus forbartha agus cur le nuálaíocht agus táirgiúlacht.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • dhéanann an chuideachta gníomhaíochtaí cáilitheacha T&F in Éirinn, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó sa Ríocht Aontaithe, agus
  • tá sí laistigh réim Cánach Corparáide in Éirinn. Féadfaidh cuideachta cáiliú don Chreidmheas Cánach Corparáide T&F má chomhlíonann a gníomhaíochtaí T&F na critéir seo a leanas:
  • bíonn gníomhaíochtaí córasacha, imscrúdaitheacha nó turgnamhacha i gceist leo
  • tá siad i réimse na heolaíochta nó na teicneolaíochta;
  • baineann siad le ceann amháin, nó níos mó, de na catagóirí T&F seo: taighde bunúsach, taighde feidhmeach nó forbairt thurgnamhach;
  • féachann siad le dul chun cinn eolaíoch nó teicneolaíochta a bhaint amach; agus
  • baineann siad le réiteach éiginnteachta eolaíochta nó teicneolaíochta.

https://www.revenue.ie/ga/companies-and-charities/reliefs-and-exemptions/research-and-development-rd-tax-credit/index.aspx


Cad a fhaigheann tú?

Soláthraíonn an Creidmheas Cánach Corparáide T&F creidmheas cánach iníoctha do chuideachtaí atá cothrom le 30% den chaiteachas cáilitheach a thabhaítear ar ghníomhaíochtaí T&F cáilitheacha, rud atá iníoctha i dtrí thráthchuid bhliantúla.

D’fhéadfadh caiteachas ar thógáil nó ar athchóiriú foirgnimh, lena úsáid do ghníomhaíocht cháilitheach T&F, cáiliú freisin don Chreidmheas Cánach Corparáide T&F (faoi réir coinníollacha sonracha a bheith comhlíonta) ar creidmheas iníoctha é freisin arb ionann é agus 30% den chaiteachas cáilitheach a thabhaítear agus atá iníoctha i dtrí thráthchuid bhliantúla.


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Soláthraíonn an Creidmheas Cánach Corparáide T&F creidmheas cánach do chuideachtaí atá cothrom le 30% den chaiteachas cáilitheach a thabhaítear ar ghníomhaíochtaí T&F cáilitheacha, rud atá iníoctha i dtrí thráthchuid bhliantúla. Ní mór don chuideachta a roghnú go ndéileálfaí le gach ceann de na tráthchodanna mar ró-íocaíocht cánach nó go n-íocfadh na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcuideachta iad.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta le haghaidh an Chreidmheasa Cánach Corparáide um Thaighde agus Forbairt (T&F) (29-02-03).


Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine