Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Deontas Fuinnimh Pobail

Tionscnaimh éifeachtúlachta fuinnimh ar fud an chomhphobail a áiríonn gnólachtaí

Níor ceapadh Deontas Fuinnimh Pobail an ÚFIÉ go sonrach do ghnólachtaí Éireannacha aonair, ach d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha go fóill. Dírítear sa chlár ar thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh a fheabhsaíonn éifeachtúlacht fuinnimh sna pobail; d’fhéadfadh gnólachtaí chomh maith le tithe agus foirgnimh phobail a bheith san áireamh leis sin

Cé atá incháilithe?

Cé atá incháilithe?

  • Níl Deontas Fuinnimh Pobail an ÚFIÉ dírithe ar chineálacha sonracha gnólachtaí, tá sé dírithe ar thionscadail ar fud an phobail. Mar sin féin, d’fhéadfadh aon ghnólacht Éireannach atá lonnaithe i bpobal atá ag cur isteach ar an deontas leas a bhaint as an tionscnamh

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Maoiniú Caipitil: Seo an deontas airgeadais a sholáthraíonn an ÚFIÉ chun cabhrú leis na costais, a bhaineann le cur i bhfeidhm uasghrádaithe éifeachtúlachta fuinnimh an phobail, a chlúdach. Athraíonn an méid cruinn ag brath ar scála agus riachtanais an tionscadail.
  • Tacaíocht Theicniúil: Cuireann an ÚFIÉ saineolas teicniúil ar fáil chun cabhrú le pobail le linn an tionscadail. D’fhéadfadh treoir a bheith i gceist leis sin maidir le bearta oiriúnacha ar mhaithe le fuinneamh a spáráil a aithint, conraitheoirí a roghnú, agus a chinntiú go gcomhlíonann an tionscadal ceanglais theicniúla.
  • Comhpháirtíochtaí: Is féidir leis an ÚFIÉ cabhrú le pobail dul i dteagmháil le comhpháirtithe féideartha ar féidir leo acmhainní nó saineolas breise a sholáthar. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chuidiú do thionscadail a dteastaíonn raon níos leithne scileanna nó eolais uathu.

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Foirgnimh a Uasghrádú: D’fhéadfadh go mbeadh insliú níos fearr i gceist leis seo, chomh maith le seanfhuinneoga agus seandoirse a athrú, nó córais téimh agus fuaraithe a uasghrádú. 
  • Tionscnaimh Fuinnimh In-athnuaite: Is féidir leis an deontas tacaíocht a thabhairt do thionscadail a thugann foinsí fuinnimh in-athnuaite isteach sa phobal. D’fhéadfadh go mbeadh na rudaí seo a leanas i gceist leis: painéil ghréine a shuiteáil ar fhoirgnimh phobail, tionscadal tuirbín gaoithe ar scála beag a fhorbairt, nó roghanna fuinnimh geoiteirmeacha a fhiosrú.
  • Cláir Feasachta Fuinnimh: Is féidir an deontas a úsáid freisin chun maoiniú a thabhairt do chláir oideachais a chuireann gníomhartha coigilte fuinnimh chun cinn sa phobal. D’fhéadfadh go mbeadh i gceist leis sin ceardlanna ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtithe agus i ngnólachtaí, nó feachtais chun feasacht a ardú faoi na buntáistí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine