Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Gairmeacha Turasóireachta

Linn tallainne a fhorbairt agus rochtain ar scileanna nua a fháil

Treoir agus acmhainní ar líne chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí le hearcú agus le coinneáil foirne agus le branda Fostóra dearfach agus ionchuimsitheach a fhorbairt, agus iad ag cur le cáil na turasóireachta agus an fáilteachais mar rogha ghairme thairbheach.

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí a bhfuil riachtanais earcaíochta acu ar spéis leo na fostaithe is fearr a mhealladh agus a choinneáil.

D’fhéadfá a bheith incháilithe más gnólacht thú atá ag feidhmiú i dtionscal fáilteachais agus turasóireachta na hÉireann, mar shampla:

  • soláthraí lóistín (óstáin, leaba is bricfeasta, iostas féinfhreastail etc.)
  • bialann nó caifé
  • soláthraí gníomhaíochta (lena n-áirítear turais, nithe is díol spéise, gníomhaíochtaí eachtraíochta)
  • gnólacht a bhaineann le turasóireacht (iompar, miondíol, eispéireas cultúrtha, féile)

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Rochtain ar acmhainní ar líne lena n-áirítear seimineáir ghréasáin ar earcaíocht idirnáisiúnta, treoracha ar chláir socrúchán oibre, faisnéis ar chláir sármhaitheasa fostaithe agus sainchomhairle AD maidir le conas déileáil leis an margadh earcaíochta. 

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Foghlaim conas áit tharraingteach oibre a chruthú chun tarraingt do ghnólachta a fheabhsú d’fhostaithe féideartha agus daoine cumasacha a mhealladh. 
  • Tuiscint a fháil ar na hathruithe sa mhargadh earcaíochta reatha chun na daoine is fearr a mhealladh. 
  • Teacht ar eolas faoi na háiteanna inar féidir le do ghnólacht labhairt le mic léinn agus le céimithe faoi na róil atá ar fáil.

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine