Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Scéim Fóirdheontais Pá

Tacaíocht airgeadais do ghnólachtaí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas

Tugann an Scéim Fóirdheontais Pá dreasachtaí airgeadais d’fhostóirí san earnáil phríobháideach chun daoine faoi mhíchumas a fhostú. Ní mór 15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine nó níos mó a bheith i gceist leis an obair a chuirtear ar fáil; tá an fóirdheontas ar fáil le haghaidh suas le 39 uair sa tseachtain

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí a bhfuil riachtanais earcaíochta acu. 

D’fhéadfá a bheith incháilithe má:

  • Tá tú cláraithe mar ghnólacht leis na Coimisinéirí Ioncaim agus tú cáin-chomhlíontach 
  • Tá tú in ann conradh 6 mhí ar a laghad a chur ar fáil don fhostaí.

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

Is é an fóirdheontas bunphá a íoctar le gnólachtaí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas ná €6.30 in aghaidh na huaire. 


Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • A chinntiú go bhfaigheann fostaithe faoi mhíchumas an pá caighdeánach dá bpost, is é sin an pá íosta reachtúil.
  • Na coinníollacha fostaíochta céanna a sholáthar d’fhostaithe atá rannpháirteach sa scéim seo agus a bhíonn ag gach fostaí eile. 

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine