Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

GreenStart – Údarás

Do thuras inbhuanaitheachta a thosú

Is deontas inbhuanaitheachta é seo ag an leibhéal iontrála. Cabhraíonn sé leat bealaí a thabhairt isteach le bheith níos inbhuanaithe i d’oibríochtaí laethúla. Is é an aidhm atá leis ná d’fheidhmíocht oibriúcháin a fheabhsú trí éifeachtúlacht níos fearr ionas gur féidir leat do chostais a ísliú agus a bheith níos iomaíche.

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí atá ag iarraidh an chéad chéim a thógáil chun feasacht agus cleachtais inbhuanaitheachta a thabhairt isteach.

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin
  • Is cliant ionchasach d’Údarás na Gaeltachta thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat 
  • Chomhlíonann do thionscadal reachtaíocht chomhshaoil ábhartha an AE agus náisiúnta

Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Cistiú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le comhairleoir comhshaoil a fhostú le haghaidh tasc ionchuideachta 7 lá chun córais agus struchtúir inbhuanaithe den scoth a thabhairt isteach sa ghnólacht
  • Is é an t-uasmhaoiniú deontais atá ar fáil ná €5,000 

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

Tionscnaimh inbhuanaitheachta a thabhairt isteach amhail: 

  • Córas bainistithe agus tuairiscithe comhshaoil
  • Plean gníomhaíochta a fhorbairt chun astuithe carbóin do ghnólachta a laghdú

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine