Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

Deontais Fostaíochta

Cúnamh airgeadais chun poist a chruthú

Is deontas é seo chun an costas a bhaineann le foireann a fhostú ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha a chumhdaigh.

Cé atá incháilithe?

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Tá gnólacht beag go meánmhéide agat
  • Tá do ghnólacht ag forbairt, ag leathnú agus lonnaithe i nGaeltacht


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Cúnamh deontais chun íoc as foireann a fhostú ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha. Beidh an cúnamh airgeadais éagsúil ag brath ar leibhéal na scileanna, ar chostas na foirne agus ar shuíomh geografach an tionscail
  • Íoctar leath den deontas nuair a thosaíonn an post agus is gnách go n-íoctar an t-iarmhéid agus an post ann ar feadh sé mhí

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Cúnamh airgeadais chun íoc i bpáirt as an gcostas a bhaineann le poist a chruthú
  • Ríomhtar é sin trí thagairt a dhéanamh do na costais pá a mbítear ag súil leo thar an gcéad dá bhliain de phoist a chruthófar mar thoradh ar thionscadal infheistíochta tosaigh

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine