Conas is féidir linn cabhrú?

Cuardaigh

LeanStart – Údarás

Cur i láthair ar Smaointeoireacht na Barainne

Is clár oiliúna tosaigh gearrdhírithe é LeanStart a chuireann smaointeoireacht na Barainne in iúl do do chuideachta. Sraith de phrionsabail ghnó is ea smaointeoireacht na Barainne a chabhraíonn leis an bhfoireann bealaí nua oibre a fhoghlaim agus próisis neamhéifeachtúla a aithint nach gcuireann le luach gnó. 

Cé atá incháilithe?

Gnólachtaí atá ag iarraidh feabhsuithe praiticiúla a dhéanamh ar a ngnólacht chun cáilíocht níos fearr a sholáthar níos tapúla agus gan dramhaíl. 

D’fhéadfá a bheith incháilithe má: 

  • Is cliant Údarás na Gaeltachta thú cheana féin
  • Is cliant ionchasach d’Údarás na Gaeltachta thú a bhfuil gnólacht beag go meánmhéide á fheidhmiú agat


Tá incháilitheacht faoi réir téarmaí agus coinníollacha.


Cad a fhaigheann tú?

  • Tacaíocht suas le 80% go dtí uasdeontas de €5,000
  • Rochtain ar Chóitseálaí na Barainne seachtrach, go hiondúil thar 8–12 sheachtain

Cad chuige ar féidir é a úsáid?

  • Oiliúint i sainaithint dramhaíola agus i réiteach fadhbanna struchtúrtha.
  • Eagraíocht ionaid oibre níos éifeachtaí a bhunú 
  • Cumarsáid agus comhoibriú níos fearr a bhunú san ionad oibre

Déan teagmháil linn
  • Má cheapann tú gurb é seo an tacaíocht atá de dhíth ar do ghnólacht, cuir glaoch ar ár mol tiomnaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

  • *Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine